Mar Letherette bíonn Richard Roberts agus Andy Harber ag cruthú ceol téagartha, funcaí, ealaíonta as giotaí sampláilte ó cheirníní soul agus boogie na 70í is na 80í.
Samhlaigh an léiritheor hip hop J-Dilla (nach maireann) sáinnithe in ardaitheoir le Thomas Bangalter as Daft Punk mar leid faoi bhlas an cheoil atá le clos ar an dara halbam dá gcuid, Last Night On The Planet, a d’eisigh an lipéad Ninja Tune le déanaí.
D’inis Roberts agus Harber do NÓS faoi na rianta ó 2016 atá fós ar na cluasáin acu agus deireadh na bliana ag druidim linn.
1. Blambestrid, S. Olbricht (ón EP For Perfect Beings ar cheirníní Lobster Theremin)
Píosa álainn, dordánach house don tsiúlóid maidin fhuar gheimhridh.
2. Fast Moving Cars, Carla dal Forno (singil ar cheirníní Blackest Ever Black)
Amhránaíocht aoibhinn spadánta, foirfe don am seo bliana.
3. Come With Me and Fly, Tall Black Guy (ón albam Let’s Take A Trip ar cheirníní First Word)
Rian galánta, agus tá na buillí sin millteanach!
4. That Cold and Lonely, Ka (bainte ón albam Honor Killed The Samurai)
Is breá linn stuif Ka, agus an rian seo ach go háirithe. An buille is caolchúisí.
5. Untitled B2, Willow (ón EP Untitled ar cheirníní Workshop)
Ceann eile dos na siúlóidí Geimhridh.
Tá ‘Last Night On The Planet’ le Letherette le fáil anois ar cheirníní Ninja Tune.