Idir seo agus an bhliain úr, roinnfidh ceoltóirí móra ó sheánraí éagsúla a rogha-san den 5 albam is mó a thug sásamh dóibh in 2016. Is ag an amhránaí agus fliúiteadóir cáiliúil as Ciarraí, Muireann Nic Amhlaoibh, atá an chéad rogha.
Labhair iarbhall an mhórghrúpa trad Danú, a bhfuil tús curtha i mbliana aici leis an togra úr leictreonach Aeons, lenár léirmheastóir ceoil, Ben Ó Faoláin.
1) Imbas, le Ensemble Eiriu (Raelach Records)
An tarna albam ón ngrúpa ilghnéitheach seo le Jack Talty (consairtín) agus Neil O’Loghlen (olldord) agus cúigear ceolmhar eile.
Nascann siad poirt thraidisiúnta le ceol triallach nua-aimseartha. Dúshlánach agus cruthaitheach.
2) Gossamer, le Pauline Scanlon
Fuaim nua don amhránaí binn seo ó Chorca Dhuibhne, le giotár leictreach agus tionlacan saibhir, léirithe ag John Reynolds.
Aoibhneas.
3) Affinity, le Atlas (Ropeadope)
Is iad Cillian King, ar chonsairtín, agus Cillian Doheny, ar ghiotár, atá sa bhuíon Atlas.
Tháinig siad beirt ón gceol traidisiúnta agus tá siad anois mar bhaill dos na grúpaí Notify agus Moxie.
Seo albam fuaimriain, a thugann ar turas tú.
É ar fad taifeadta beo le tionlacan ó cheathairéad téadach agus ceol leictreonach.
4) A Moon Shaped Pool, le Radiohead (XL)
An píosa is déanaí d’odaisé an ghrúpa seo atá tar éis forbairt úrnua a dhéanamh ar an domhan ceoil.
Tá leanúint mhór ón gcéad eisiúint acu.
Spleodrach agus draíochtúil.
5) Skin, le Flume (Future classic)
Léiritheoir ceoil leictreonaigh ón Astráil é Flume.
Agus mé ag tosú ag cuma sa seanrá leictreonach táim ag éisteacht le gach sórt ruda.
Taitníonn an meascán, idir éadrom agus chrua, a úsáideann sé go mór liom.
Guthanna binne le dord salach – class!