Sár-eisiúintí 2017

Duine de na fidléirí is samhlaíche agus is éirimiúla dá bhfuil sa tír againn é Caoimhín Ó Raghallaigh, is cuma é ag feidhmiú laistigh den dtraidisiún mar bhall de The Gloaming nó ag cumadh ceoil nua-aimseartha lena chomrádaithe sa ghrúpa ilnáisiúnta This Is How We Fly.

Bhronn sé dhá albam nua orainn i gcaitheamh na bliana, Foreign Fields i dteannta This Is How We Fly agus All Soundings Are True i gcomhar leis an vióladóir / cumadóir John Knox.

Labhair Ó Raghallaigh le Ben Ó Faoláin faoi na halbaim ó 2017 is mó a thug sásamh dó.


1. Olagón: A Cantata In Double Speak, Eighth Blackbird (i dteannta Iarla Ó Lionáird, Dan Trueman & Paul Muldoon) (Cedille)

Fuaireas cóip ón gcumadóir le déanaí, agus táim go hiomlán faoi dhraíocht an cheirnín seo.

Níor chuala mé riamh aon rud cosúil leis – greanmhar, domhain, searbh, spraíúil.

Is píosa ollmhór oibre é… bí ag faire amach dó!


2. Tapestry, Navá (Navá)

Ceathrar ceoltóirí den scoth ag cruthú rud éigin álainn nua, bunaithe ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus ceol na Peirse.

Fíor-thaitneamhach.


3. Elbow Room, Danny Diamond (Féineisithe)

Ceirnín úrnua ó fhidléir ana-shuimiúil.

Meascán de phoirt thraidisiúnta agus ceol a chum sé féin.


4. Roscanna, Cuar (Raelach)

Ceol nuachumtha a tharraingíonn ar cheol traidisiúnta agus ar cheol clasaiceach.

Triúr ceoltóirí den scoth: Aoife Ní Bhriain, Neil Ó Loclainn agus Matthew Berrill.


5. As I Wake, Still I Dream, Úna Keane (Féineisithe)

Ceol nuachumtha ar an bpianó, go breá séimh suaimhneasach.

SCÉALTA EILE