Mórphianó atá i gceist leis an ‘grand’ in ainm Grandbrothers, dísreach (Erol Sarp & Lukas Vogel) lonnaithe i nDusseldorf na Gearmáine a bhíonn a cumadh ceoil a bhfuil an mórphianó mar thus le gach uile ghlór ann.
D’eisíodar a ndara albam, Open (City Slang), i gcaitheamh na bliana – saothar turgnamhach, taitneamhach a mhol Ben Ó Faoláin mar chomhluadar ceoil is tú ag tabhairt faoi thuras fada bóthair san oíche.
D’inis Erol do Ben faoi na heisiúintí ó 2017 atá fós ar na cluasáin aige féin agus deireadh na bliana ag druidim linn.
1. Tigran Hamasyan – An Ancient Observer
Pianódóir fíor-inspioráideach, a bhfuil de nós aige fuaimeanna craiceáilte a dhéanamh lena bhéal , freisin.
Is breá liom an úsáid a bhaineann sé as gnéithe de cheol traidisiúnta na hAirméine.
2. Kendrick Lamar – DAMN.
Ní féidir dul amú le Kendrick.
Laoch lena linn féin.
3. Mount Kimbie – Love What Survives
Tá Mount Kimbie á leanúint againn ón tús.
Tá stíl an ghrúpa tar éis athrú, ó cheol léirithe ar ríomhaire go ceol seinnte ag grúpa beo… ach tá sin cúláilte!
Tá glór King Krule foirfe mar thionlacan.
4. Four Tet – New Energy
Chomh luath agus atá ceirnín nua eisithe ag Four Tet, tá sé ceannaithe againn.
Duine de mhór-léiritheoirí ár linne.
5. Moses Sumney – Aromanticism
Cad é mar ghlór atá ag an bhfear seo!