Chuir conradh le ceirníní Rough Trade ceathairéad tallanach na hardcathrach, Lankum, ar an ardán idirnáisiúnta le linn 2017.
Agus deireadh na bliana ag teannadh linn, nochtann Lankum do NÓS na 5 eisiúint ó 2017 is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu.
1. Hop High / Here in the Vineyard – Anna & Elizabeth (Free Dirt)
Is EP dhá riain é seo.
Ar Thaobh A tá ‘Hop High’, ina n-athraíonn an bhéim go caolchúiseach ó phríomhbhuille go cúlbhuille, agus tugann na séiduirlisí saibhreas fé leith don bpíosa ar fad.
Rian searbhmhilis, coscrach atá ar Thaobh B, ‘Here in the Vineyard’, é lomlán le dróin.
2. Elbow Room – Danny Diamond (Féineisithe)
Albam trialach de cheol fidle é seo (é sáite sa traidisiún fós féin) ina dtaispeánann Danny a chumas teicniúil gan spiorad an cheoil a thréigint.
Baineann sé leas cumhachtach as ochtáibh agus stopanna dúbailte agus suíonn na píosaí ceoil aige féin go compordach le hábhar ó fhoinsí níos sine.
3. Cormac Begley – Cormac Begley (Féineisithe)
Albam mór toirteach é seo a bhíonn ag casadh agus ag gnúsacht amantaí, agus é mín casta chomh maith, rud a léiríonn cumas an chonsairtín, agus Chormaic, go láidir soiléir.
4. Peasant – Richard Dawson (Weird World)
Ceoltóir / ealaíontóir ó Newcastle Shasana é Richard Dawson, le cur i láthair cumhachtach d’fhoinn agus de scéalta.
Tá stíl scaoilteach ar an ngiotár aige; ní chreidfeá an tslí ina mbriseann sé síos rithim agus sruth an cheoil sna píosaí, fiú agus ceol á sheimn beo aige os do chomhair amach!
5. Sestra – Percolator (Penske)
Tríréad le blas Krautrock, iad lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ina mbíonn uigeachtaí suimiúla in imeartas le chéile ina gcuid ceoil; glór guthach mín milis taobh le heilimintí tréana, láidre.
Albam spreagúil, fairsing é seo, le comthromaíocht bhreá chinnte.