Sár-eisiúintí 2017

As na hatheisiúintí ar fad a tháinig i dtreo NÓS i gcaitheamh na bliana, ba é an tiomsachán Mr Bongo Record Club Volume 2 is mó a thug sásamh dúinn.

Bailiúchán é atá ag cur thar maoil le seoda de rianta aduaine Braisíleacha, Afracacha, dioscó agus boogie.

D’inis cnuasaitheoirí Mr Bongo Record Club Volume 2, Graham Luckhurst agus Gareth Stephens, do Ben Ó Faoláin faoi na ceirníní ó 2017 is mó a thug pléisiúr dóibh féin, idir rianta nua agus atheisiúintí.


1. Banguelê – Free-Son (Groovie)

Albam iontach ó thús go deireadh.

Ceol cumaisc Afrai-Bhraisíleach iontach sícideileach, funcaíáilte.

Ceol dochreidte, nach bhfuil a leithéid le clos ar aon cheirnín eile.

Is iontach an rud é go ndéarnadh atheisiúint air, nó ní bheadh cóip in aon chor againn.


2. Yellow Ochre – Vels Trio (Total Refreshment Centre)

Bhí an-bhliain ag na bocanna seo.

Scata gigeanna, agus an scoth-EP seo do Total Refreshment Centre.

Cuireann an ceirnín seo Azimuth, Floating Points, Herbie Hancock, Thundercat agus Larry Young i gcuimhne dúinn.

Bí ag súil le rudaí móra ó Vels Trio, is déan iarracht iad a chlos is iad ag casadh beo.


3. First Impressions – Shamek Farrah (Superfly)

Atheisíodh i mbliana scata mór ceirníní a raibh sé fíor-dheacair teacht orthu go dtí seo.

Iontach an rud é, agus táimíd fíor-bhuíoch de cheirníní Superfly i bPáras as an obair mhór a bhíonn ar siúl acu.

B’fhiú cluas a thabhairt dá gcuid atheisiúintí ar fad – A Spirit Speaks de chuid Descendants Of Mike & Phoebe, agus Marchin’ On le Heath Brothers , go háirithe.

Buailtear an sprioc i gconaí.


4. Harmony Of Difference – Kamasi Washington (Young Turks)

Tá ‘Truth’ ar cheann de na piosaí snagcheoil is inspioráidí dá bhfuil cloiste le fada againn, agus i mbliana cinnte.

Macallaí de stíl Pharaoh Sanders agus rithimí croíúla snagcheoil ar an sárphíosa eipiciúil seo a mhairean 14 nóiméad.

Speisialta.


5. The Ecstatic Music of Alice Coltrane: Turiyasangitananda – Alice Coltrane (Luaka Bop)

Eisiúint spreagúil ón lipéad Luaka Bop.

Ní raibh tuiscint rómhaith againn ar an dtaobh seo de cheol Alice go dtí go gcualamar é seo.

Iontach domhain, ach ní chreidfeá an tógáil chroí a bhronann sé ort mar éisteoir – na sintéiseoirí sin ar foluain agus an comhcheol ó bhéal.

SCÉALTA EILE