Amhránaí, scríbhneoir, agus pianódóir is ea Sara Bareilles as California. Is é seo a céad albam ar mhórlipéad ceoil cé go bhfuil sí ag eisiúint ábhair ó 2004. Faoi láthair tá an t-albam seo ag 36 sna cairteacha i bPoblacht na hÉireann.
Tá ag éirí níos fearr léi sna Stáit Aontaithe, áit ar eisigh sí Little Voice i mí Iúil 2007 agus shroich an t-albam uimhir 7 i gcairteacha Mheiriceá, Billboard.
Chabhraigh iTunes go mór lena hainm a chur chun cinn ós rud é gur eisíodh an t-amhrán Love Song go saor in aisce in 2007.
Ar barr air sin tá cuid dá hamhráin san áireamh ar fhuaimrianta na scannán Monster-In-Law agus Girl Play. Déantar comparáidí idir ceol Bareilles agus ceol Natasha Bedingfield agus Vanessa Carlton go forleathan: meascán de liricí faoi fhadhbanna laethúla caidrimh agus de cheol raic/pop bunaithe thart ar an bpianó.
Amhrán le blas an tsamhraidh, go leor fuinnimh agus liricí le dearcadh láidir atá i Love Song agus é ag uimhir 7 sna cairteacha Éireannacha ag am foilsithe.
Tá go leor leor amhrán eile seachas Love Song ar fiú éisteacht leo, mar shampla Bottle It Up, One Sweet Love agus Morningside.
Ar uairibh ceaptar nach bhfuil ach cleas amháin ag Bareilles: pianó agus drumaí mar réamhrá ar na hamhráin Love Song, Morningside agus Love On The Rocks. Is cinnte go n-oibríonn an cleas gach uair mar gheall ar bhinneas a gutha agus liricí lán de bhrí agus mothúcháin, go háirithe ar an amhrán City.
D’fhéadfaí Many The Miles a sheinnt arís agus arís, amhrán ceolmhar, anamúil agus spraoiúil.
Tá Bareilles ag díriú isteach ar mhargadh Mheiriceá agus í ag dul ar chamchuairt le Maroon 5 agus Counting Crows an samhradh seo.
Ní léir go fóill an mbeidh ábhar nua á thaifeadadh aici go luath, ní mór di déanamh amhlaidh chun bheith ráthúil.