Beidh maistrí ceoil an tuaiscirt ‘At First Light’ le cluintin oíche amárach (Dé Sathairn) in Ionad Duncairn, Béal Feirste, agus tá dhá thicéad le buachan againn don ghig!
Is scoth an ghrúpa iad seo nach minic a bhíonn ag casadh le chéile agus an oiread ar siúl acu le tograí eile.
Lonnaithe i mBéal Feirste, aithnítear iad as a gcuid ceoil fhuinniúil, corraithe go samhlaíoch.
Le taithí na mblianta taobh thiar dóibh, sáralbaim i bhfoirm ‘Trip Switch’ (2006) agus ‘Idir’ (2011), is banna iad a chuireann fáilte roimh an éagsúlacht, nach miste leo rudaí nua a thriail agus nach dtéann ar strae.
Is de thoradh albaim, faoin teideal céanna, a thaifead an t-ardphíobaire John McSherry agus rí na feadóige Michael McGoldrick in 2001 a tháinig an banna ar an fhód.
Ar feadh i bhfad, is iad John, an fidléir iomráiteach as Contae Lú Dónal O’Connor, agus an píobaire Feirsteach Francis McIlduff, croílár ‘At First Light’.
Ach le déanaí cuireadh splanc úr leis an bhanna le theacht fhear an bhasúcaí Micheál McCague agus Ciara McCrickard, amhránaí galánta de bhunadh an Dúin.
Beidh an t-iomlán ar ardán Dé Sathairn.
Chun seans bheith agat greim a fháil ar dhá thicéad don cheolchoirm, níl le déanamh agat ach “Is maith liom” a thabhairt don alt seo ar ár leathanach Facebook nó é a atweetáil ar Twitter.
Dé Sathairn 28 Márta, 8.00in, Ionad Ealaíon Duncairn, Bóthar Aontroma, Béal Feirste.
Cead isteach £10. Tuilleadh eolais ar theduncairn.com