“The Wag is the dog’s bow-wow. Back in the 80’s when I toured the UK I was introduced to The Wag and it became my favourite hang. The joint had style and substance.” David Bowie
Cad é seo, go díreach?
Tiomsúchán ollmhór (4 dhlúthdhiosca!) don gceol is fearr a bhí le clos sa chlub oíche The Wag i Soho, Londain, sa tréimhse 1983-87, curtha le chéile ag duine de bhunaitheoirí an chlub, Chris Sullivan.
Oscailte seacht n-oíche na seachtaine, ba thearmann don éan corr i Londain na n80í é The Wag.
D’fhreastail an club ar shlua saortha stíliúil clubálaithe, idir ealaíontóirí, aisteoirí, lucht faisin, trasfheisteoirí, rockabillys agus iar-phuncanna, ba chuma iad aerach, heitrighnéasach, bán, gorm nó buí.
Bhí polasaí ceoil an chlub chomh héagsúil, eachtrúil céanna: bíodh idir funk-cheol na 70í, boogie, dioscó i stíl Larry Levan, snagcheol laidineach, reggae, rockabilly, ceol tolglainne, fuaim juju na hAfraice agus batucada Braisíleach ar mire le clos in aon oíche amháin agus dj Hector Heathcoate i mbun dioscmharcaíochta.
Bhí béim freisin ar cheol nua – ba sa Wag ar dtús, buíochas don ndioscmharcach Paul Guntrip, a bhí luath-cheol hip hop Nua-Eabhrac le clos ar dtús i Londain.
Ditto ceol house agus acid jazz.
Casfadh Paul Murphy snagcheol oíche Luain, bhí oíche cheoil anama/rare groove ‘Fingerpop & Shake’ leis an Norman Jay óg ar an gCéadaoin, agus dá siúlfá isteach ar an Aoine bheadh do rogha agat idir chóisirí The Wild Bunch as cathair Bhriostó thuas staighre agus leithéidí na JBs, Lee Perry agus Sade ag seinnt beo thíos staighre.
Tugtaí bata is bothar d’aon dioscmharcach a chas ceol ós na cairteanna!
An bhfuil aon mhaith ann?
Aon mhaith?! Tá an Chris Sullivan Presents Wag ag cur thar moill le seoda fíor-funcaí.
Dóchas agus funk síorghlas ‘Hercules’ le Aaron Neville New Orleans dhá chúis a bhfuil an t-amhrán anam-cheoil i mo mhála dioscmharcaíochta i gcónaí le dosaen blianta.
Tá leagan stóchúil Esther Philips de ‘Home Is Where The Hatred Is’ níos fearr ná bunleagan Gil Scott Heron, rud atá fíor i gcás léamh beoga Brother To Brother ar ‘The Bottle’ leis an gcumadóir céanna, freisin.
Tá tionchar Stevie Wonder le clos i ndordlíne leaisteach agus rif clavinet ‘Woman Of The Ghetto’ le Doris Duke.
Afro-boogie par excellence é ‘New Bell’ le Manu Dibango Chamarún, is tá leagan salsa Snowboy de ‘A Night In Tunisia’ ar an leagan is fearr den mhór-amhrán snagcheoil úd a bhfuil le haimsiú más fonn rince atá ort.
Cuir san áireamh an iliomad seoda funk, dioscó, snagcheol, go-go agus boogie ó leithéidí Atmosfear, Freddie Hubbard, Ray Barretto, War, MFSB, Dexter Wensall, The Junkyard Band, Cerrone agus Quando Quango is do thuigfeá an chúis a mbeadh gumh ar bhailitheoirí mar mé féin, atá tar éis mórán ama agus airgid a chaitheamh sa tóir ar bhunleaganacha na gcéirníní seo i siopaí ceoil thar na blianta, go bhfuil na poirt úda le haimsiú go saor is go saoráideach ar Chris Sullivan Presents Wag!
Laigí?
Cáipéis staire é Chris Sullivan Presents Wag, agus sa chomhthéacs sin is dócha nár cheart gearán muna ndéanann céatadán beag dá bhfuil le clos ciall do chluasa an lae inniu.
É sin ráite, ní mór duit neamhaird a thabhairt ar fhuaim chiotrúnta electro-soul ‘(You Are My) All And All’ le Joyce Sims, hip hop scigdhrámata ‘The Humpty Dance’ le Digital Underground, agus ró-mhílseacht ‘Spanish Hustle’ le The Fatback Band.
An breithiúnas?
Tá an madra seo ag scaradh a eireabaill le rogha cheoil Chris Sullivan!