Scothrogha de cheol Sun Ra

Gilles Peterson presents Sun Ra & His Arkestra – To Those of Earth… and Other Worlds

Cad é seo, go díreach?

Dhein an pianadóir, cumadóir agus fealsúnaí snagcheoil Sun Ra (1914-1993) 125 albam a thaifeadadh le linn a shaoil.

Ar To Those of Earth… and Other Worlds roghnaíonn an dioscmharcach iomráiteach Gilles Peterson na poirt is giorra dá chroí ó iarchatalóg ollmhór an cheoltóra.

33 rian ar fad, measctha thar fhaid dhá dhlúthdhiosca ag Peterson, agus taifid nár eisíodh cheana ina measc.

Mavairic ab ea Sun Ra a raibh mórán mistéir ag baint leis, fear a chreid go raibh sé de shliocht aingeal as pláinéad Satarn.

Agus iad ar stáitse ghléasfadh Sun Ra agus a ghrúpa ceoltóirí (an Arkestra) in éadaí aisteacha faoi spreagadh ré an spáis, nó mar shean-Éigiptigh.

Ní gach duine a thuig fuaim scaoilte free-jazz Sun Ra, ach ba í an chomhairle a chuir Dizzy Gillespie ar Sun Ra agus na criticí á cháineadh ná “keep it up, Sonny, they tried to do the same shit with me.”

Fiú agus é aitheanta mar athair baistí an cheoil free jazz ní hé go raibh aon easpa toilsmachta ag baint le Sun Ra mar cheannasaí an Arkestra.

Mhair Sun Ra agus a cheoltóirí le chéile i gcomún, ach níor ceadaíodh aon deoch ná drugaí ann, is bídís i mbun cleachtadh ceoil de ló is d’oíche.

Ní raibh Sun Ra riamh saibhir, ach le bunú a lipéid cheoil féin, El Saturn Recordings, in 1957 chinntigh sé go raibh lán saoirse aeistéitiúil aige.

Bhí sé i measc na gcéad cheoltóirí snagcheoil a bhain feidhm as sintéiseoirí (thug Robert Moog brontannas minimoog do Sun Ra), agus chun béim a leagadh ar bhunús Afracach na stíle.

An bhfuil aon mhaith ann?

Ó shnagcheol módúil álainn ‘Sleeping Beauty’ go taifid eipiciúla beo mar ‘Astro Black (Live in Zurich)’ go fuaim doo-wop ‘Dreaming’ (bainte ó cheirnín 7″ a thug John Peel do Peterson) agus toin tharchéimniúla ‘India’, tá obair na gcapall déanta ag Gilles Peterson chun rogha a thugann léargas ar gach tréimhse de shaol ceoil Sun Ra a chur le chéile.

Tá aiste fíor-spéisiúil bainte ón leabhar Sun Ra: Omniverse le Robert L. Campbell le haimsiú sa leabhrán clúdaigh.

Laigí?

Más pop-amhráin 3.5 nóiméad ar fhaid atá uait ní mór duit cuardach in áit éigin eile.

An breithiúnas?

Scothcheol don spásaire ar an dtolg, agus an t-aon tiomsúchán de cheol Sun Ra a bheidh riamh de dhíth ort.

SCÉALTA EILE