Seán Éinniú ar ardán ó thuaidh


D’fhógair muid le déanaí go raibh comórtas iontach á reachtáil againn in éineacht le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ina bhfuil péire ticéad séasúir le buachan ag léitheoir ádhúil amháin.

Bhuel níl ach dhá lá fágtha chun cur isteach ar an chomórtas mar go bhfuil an chéad ghig atá mar chuid den duais le tarlú Dé hAoine seo, 29 Bealtaine.

Tá sé tamall de bhlianta ó bhí Seán Ó hÉanaigh, aka Seán Éinniú, ar ardán ó thuaidh mar sin táthar ag súil le teach lán don cheolchoirm speisialta seo.

Filleann sé ar an chathair cois cuain agus albam nua, The Tides that Bind / Fánaíocht, díreach seolta aige agus le líon mór d’amhráin nua i nGaeilge, Gaidhlig na hAlban agus Béarla a chur i láthair.

Tá scéal iontach ag baint le roinnt de na hamhráin, amhráin a d’fhoghlaim máthair Sheáin, Cait, ó sheanimircigh de chuid na hÉireann i mBostún fadó.

Bhreac sí síos iad i leabhair nóta agus tá siad anois ina bheatha arís i bhfoinn agus in amhráin Sheáin faoi mar a bhí siad á seinm tráth i dtithe na nGael san Oileán Úr.

Mar aon leo sin tá amhráin a chum Seán féin, agus is eol go maith a chumas ann.

Ó tharla go bhfuil Seán ina chomhláithreoir ar an tsraith ‘Sruth na Maoile’ ar RnaG ní ionadh ar bith go bhfuil sé i dtiúin le cuid de na gnéithe is forasaí de cheol dúchais na hAlban agus is dá bharr sin a bheas amhráin Ghàidhlig le cloisteáil ar an oíche chomh maith.

Beidh sé ar stáitse na Cultúrlainne i gcuideachta a mhic, Maidhc agus i gcomhar leis an cheoltóir ildánach Dawn Kennedy.

Cuir isteach ar ár gcomórtas chun seans bheith agat ticéad séisiúir a fháil, a chlúdaíonn an ghig seo, nó is féidir ticéidí agus breis eolais a aimsiú ar ag culturlann.ie

SCÉALTA EILE