Seisiún sa Spéir!


San aer, oíche Dé Domhnaigh seo caite, áit éigin idir Lorient agus Baile Átha Cliath, bhí scoth an seisiúin cheoil ar siúl ar bord eitleáin speisialta de chuid Aer Lingus.

Ó shin, tá breis agus 50 míle radharc faighte ag an fhíseán den seisiún ceoil an-bhríomhar agus é á scaipeadh ar líne.

Bhí na paisinéirí ag déanamh a mbealaigh ar ais ón ‘Festival Interceltique de Lorient’ (nó an ‘Gouelioù Etrekeltiek An Oriant’ sa Bhriotáinis) a tharraingíonn ceoltóirí, damhsóirí agus teangeolaithe as na Náisiúin Cheilteacha le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht an chultúir Cheiltigh.

I mbliana, bhí Réalta, The Friel Sisters agus Danú i measc na gceoltóirí Gaelacha a fuair cuireadh le bheith i láthair ag an fhéile idirnáisiúnta.

Dúirt an giotáraí Deirdre Galway, as Béal Feirste (thuas ar dheis), nach ar an eitleán amháin a bhí ceol na nGael le cloisteáil.

“Sheinn muid ar an bhus, ag an aerfort agus ar an eitleán agus muid ag pilleadh ‘na bhaile ón fhéile. Is sórt traidisiúin anois é creidim, go mbeadh ceoltóirí na féile ag seinm ar a mbealach abhaile,” ar sí.

Mhínigh Síle Friel do NÓS, ar píobaire í leis an ghrúpa The Friel Sisters as Glaschú na hAlban, go raibh ardspiorad na gCeilteach á scaipeadh ag na ceoltóirí ag achan stad den turas ach gur imir an airde san eitleán tionchar aisteach ar na píoba, nach raibh sí ag súil leis.

“Bhí muid ar fad iontach tógtha tar éis na féile agus sheinn muid cúpla port agus muid ar an bhus agus i ndiaidh dúinn seiceáil isteach,” arsa sise.

“Bhí sé greannmhar mar go raibh an airde ag dul i bhfeidhm ar na feagacha agus an seamsúr, ach de réir mar a tháinig muid anuas go talamh arís tháinig biseach ar an tiúnáil,” arsa an píobaire óg.

Tógadh an físeán ar chairteitilt speisialta Airbus A320 a chuir ‘The Aviation Factory’ – arb as an Bheilg iad – ar fáil do Aer Lingus le freastal a dhéanamh ar ionadaithe as Éirinn a bhí páirteach san fhéile.

Tugadh ardmholadh do na ceoltóirí i dteachtaireacht a postáladh ar leathanach Facebook na heagraíochta Dé Luain a dúirt gur “scoth na bpaisinéirí ab ba iad” agus gur bhreá leo Éire!

 

 

SCÉALTA EILE