Seo Linn go Meiriceá!

Tá Seo Linn ar tí tús a chur le camchuairt i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Beidh an banna ceoil Gaeilge le cloisteáil ag féilte Éireannacha i Meiriceá an mhí seo, agus iad díreach críochnaithe lena gcamchuairt timpeall na hÉireann.

Seo í an chéad chamchuairt ag Seo Linn i Meiriceá, cé go raibh an ceathrar i láthair ag ócáidí éagsúla aonaracha sa tír sin cheana. Beidh siad ag casadh beo ag an bhféile Éireannach is mó i SAM, an Milwaukee Irish Fest, a bheidh ar siúl i lár na míosa. Beidh 100 grúpa ceoil ag casadh ag an bhféile sin agus os cionn 130,000 duine ag freastail uirthi. 

Beidh Seo Linn ag casadh ag an Iowa Irish Fest an deireadh seachtaine seo mar chuid den chamchuairt freisin. 

Anuas ar na ceolchoirmeacha, beidh an grúpa ceoil ag tabhairt ceardlanna sa mbodhrán agus uirlisí traidisiúnta eile do dhaoine fásta, agus ceardlanna ceoil do dhaoine óga ag na féilte. 

Dúirt Stiofán Ó Fearail, príomhamhránaí an bhanna, le NÓS go bhfuil Seo Linn “ar bís” camchuairt a thabhairt timpeall Mheiriceá agus “castáil leis an lucht leanúna mór atá [acu] sa tír sin”.

“Bhí muid ceathrar i Meiriceá cheana agus bhuail muid le sciar beag de phobal Gaeilge na tíre agus le Gael-Mheiriceánaigh eile ann. Ach seo é an chéad uair a bheidh muid ar camchuairt ann, agus beidh ná mílte mílte duine i láthair ag na féilte móra seo.

“Is mór an onóir dúinn an deis a fháil casadh ag Milwaukee Irish Festival agus casadh lenár lucht leanúna i Meiriceá. Thug na Gael-Mheiriceánaigh an-tacaíocht dúinn i gcónaí, ó thosaigh muid ag cur amhrán ar YouTube blianta ó shin agus anois agus iad ag ceannacht ár gceol nua agus ag seoladh teachtaireachtaí deasa chuile lá chugainn. Tá muid ag súil go mór iad a fheiceáil ‘beo’!” a dúirt sé. 

Bhí Seo Linn ar camchuairt timpeall na hÉireann an mhí seo caite agus gigeanna déanta acu i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath, Ros Comáin, Corcaigh agus Gaillimh. Tá ceardlanna á ndéanamh acu seasta le scoileanna timpeall na hÉireann agus tá cuid mhaith den samhradh caite acu ag obair le scoláirí Choláiste Lurgan le hamhráin nua a chur amach.

SCÉALTA EILE