Sheol Seo Linn amhrán nua, ‘Soilsiú an Lae’, ag tús na míosa agus beidh deis agaibh é sin agus go leor amhráin eile dá gcuid a chloisteáil beo an tseachtain seo i mBaile Átha Cliath.
Beidh baill an bhanna ag imeacht leo chuig na Stáit Aontaithe i rith mhí Lúnasa ach, roimis sin, beidh siad le feiscint in Whelan’s, ionad mór an cheoil ar Shráid Loch Garman, Dé Céadaoin seo 24 Iúil.
Ná dearúd go bhfuil albam an bhanna, Solas, ar fáil ar Spotify agus b’fhiú cluas a thabhairt dó sula dtéann sibh chun Stiofán, Dáithí, Keith agus Kev a fheiscint, más ann atá do thriall.
Bhí oíche den scoth ag Seo Linn san áit chéanna an samhradh seo caite agus táthar ag súil lena leithéid de ghig an babhta seo leis.
Tosaíonn sé ar 8in agus €12.50 atá ar an doras, nó €11 má cheannaíonn tú do thicéad ar líne ar dtús.