D’fhógair an banna ceoil Gaeilge Seo Linn aréir go mbeadh siad ag seinm ag Cluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh.
Thug baill an ghrúpa cúpla leid ar líne go raibh siad ag ullmhú le haghaidh ócáid speisialta sular fhoilsigh siad físeán ar a leathanach Facebook ag fógairt an scéil mhóir.
Beidh siad ag ceol dhá amhrán dá gcuid féin i bPáirc an Chrócaigh le linn leath ama sa chluiche mhór idir na curaidh reatha Baile Átha Cliath agus Maigh Eo.
Tá an-dul chun cinn déanta ag Seo Linn i mbliana ó bheith ar ardán ag buaic cheiliúradh RTÉ ar 1916 go dtí an t-amhrán ‘The Irish Roar’ a roghnaíodh mar amhrán oifigiúil Phoblacht na hÉireann do Euro 2016.
Agus bhí giota grinn ó Stiofán Ó Fearail ón bhanna agus é ag briseadh na nuachta inné nuair a dúirt sé:
“Aon duine a bhfuil ticéad acu dár ngig, seans go mbeidh sibh in ann cluiche Bhaile Átha Cliath agus Mhaigh Eo a fheiceáil chomh maith!”
Gach rath orthu ar an Domhnach, agus go raibh an bua ag an fhoireann is fearr!