Seó tallainne Choláiste Lurgan beo ar 2FM

Beidh Seó Tallainne Choláiste Lurgan in Indreabhán á chraoladh beo ar leathanach Facebook RTÉ 2FM anocht ag 20.00. Beidh na scoláirí Gaeilge a d’fhreastail ar Chúrsa C an choláiste cháiliúil Gaeilge le cúpla seachtain anuas ar an ardán in Indreabhán anocht agus a gcuid ceoil á chraobhscaoileadh ar fud an domhain ag an gcraoltóir náisiúnta.

Tá os cionn 30 grúpa ceoil agus ceoltóirí aonair le bheith ar an ardán sa gcoláiste Gaeltachta anocht agus idir cheol nuachumtha ón togra ‘NuaNós 18’ agus leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Bhéarla á gcanadh acu.

D’fhógair TG Lurgan ‘NuaNós’ níos luaithe i mbliana agus d’iarr ar cheoltóirí óga cumasacha ó cheann ceann na tíre teacht go hIndreabhán ar chúrsaí Gaeilge an samhradh seo agus ceol nuachumtha Gaeilge a scríobh agus a fhorbairt ann.

Deir lucht an choláiste féin, a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar gheall ar na léirithe mór millteach agus físeáin ardchaighdeáin cheoil ar YouTube, gurb é seo an “seó is uaillmhianaí” go dtí seo. 

Thosaigh Coláiste Lurgan ag cruthú físeán ceoil tuairim is deich mbliana ó shin, ach tarraingíodh aird an domhain mhóir ar an gcoláiste samhraidh cúig bliana ó shin nuair a d’eisigh siad leagan Gaeilge den amhrán ‘Wake Me Up’ le Avicci. Tá na milliúin duine tar éis breathnú ar fhíseáin cheoil an choláiste ó shin agus tá ceoltóirí óga ar nós Seo Linn agus Just Like Us, dhá ghrúpa a bheidh ag casadh ag Electric Picnic na bliana seo, tar éis páirt lárnach a ghlacadh i bhfíseáin mhóra an choláiste. I measc na n-iarscoláirí ceolmhara eile a d’fhreastail ar chúrsaí agus a thaifeadadh amhráin i nGaeilge ann tá Kojaque, Kodaline agus Heathers.

Le blianta beaga anuas, bíonn ‘mionfhéile’ cheoil, Féile C, ar siúl ag deireadh Chúrsa C Choláiste Lurgan in Indreabhán agus seó aon oíche curtha ar siúl ag na scoláirí sa gclós tosaigh.

SCÉALTA EILE