Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil ainmniúcháin anois á lorg do Ghradaim NÓS 2018 agus tá na hullmhúcháin anois faoi lán seoil don ócáid bhronnta sa Sugar Club, Baile Átha Cliath, i mí Eanáir.
Ba é an banna IMLÉ mórbhuaiteoirí ghradaim na bliana seo caite – thóg siad leo trí dhuais ar an oíche – agus ní ionadh ar bith é dá lucht leanúna go bhfuil na ceoltóirí nuálacha turgnamhacha seo go fóill sna ceannlínte ceoil.
Ag tógáil ar an rath a bhí ar a n-albam début faoin ainm céanna, IMLÉ, tá leagan vinile den cheirnín díreach eisithe acu, a bhfuil dhá amhrán nua air.
Seoladh an vinil ghalánta ar Rónán Beo Dé hAoine seo caite ag an Oireachtas ach cén fáth ar shocraigh na leaids ar an leagan speisialta seo a eisiúint sa chéad dul síos?
“Ar dtús báire tá athbheochan vinile ar siúl faoi láthair,” arsa Cian Mac Cárthaigh ón ghrúpa.
“Tá díolachán ceirníní vinile ag méadú agus bhí spéis ag Gael Linn sa choincheap.
“Seo an chéad vinil atá eisithe ag Gael Linn le 30 bliain mar sin tá ceangal deas ann le stair an lipéid chomh maith.”
Bhí cúrsaí dearaidh taobh thiar den chinneadh fosta.
“Is é an t-ealaíontóir Jason Kearney a rinne an dearadh ar an gclúdach,” arsa Cian.
“Mheas sé féin agus muidne go mbeadh sé go hálainn é a fheiceáil mar vinil agus is cinnte go n-oireann sé don chlúdach níos mó.
“Agus ansin, fáth leis an eisiúint úr seo ná go raibh cúpla amhrán againn a theastaigh uainn a chur ar an albam bliain ó shin ach ní raibh an t-am againn iad a chríochnú.
“Táimid iontach sásta le ‘Gan Mise, Gan Tú’ agus ‘Ná Bac’ agus ar bís go mbeidh deis ag daoine éisteacht leo ar a seinnteoirí ceirníní!”
Is cinnte go bhfuil an banna ar bís chomh maith faoin dul chun cinn atá á dhéanamh acu i mórshaol an cheoil le cuid de na léirmheastóirí is aitheanta in Éirinn agus go hidirnáisiúnta – mar atá Nialler9 agus an iris Songlines as Londain – ag moladh a gcuid oibre.
Agus tá go leor le moladh gan amhras, an dá rian nua san áireamh a léiríonn an fhorbairt atá ag teacht ar cheol IMLÉ i gcónaí.
Dá mba mhian leat féin do lámha a fháil ar cheann dá vinilí gleoite, is féidir iad a ordú anois ó gaellinn.bandcamp.com