Tá súil ag Seo Linn barr na gcairteacha a bhaint amach lena singil dátheangach nua ‘Music Makers’ taobh istigh de sheachtain agus táthar ag lorg tacaíochta uainne chun a bhfís a fhíorú.
Seoladh an singil ar iTunes agus ar Google Play inné agus tá an banna spreagúil ar ais i mbun feachtasaíochta ar na meáin shóisialta chun an pobal a ghríosú lena cheannach.
Agus Seachtain na Cásca faoi lán seoil, éacht nach beag a bheadh ann don bhanna Gaelach, agus don Ghaeilge araon, uimhir 1 sna cairteacha Éireannacha a bhaint amach.
Glaoch atá san amhrán chun seasamh suas le bród agus muid ag cuimhneamh ar fhíseanna na réabhlóidithe.
Spreagadh é ag dán iomráiteach ‘Ode’ le Arthur O’Shaughnessy.
Is fiú a rá nár éirigh le hamhrán dátheangach – Gaeilge agus Béarla – barr na gcairteacha a bhaint amach ó bhí 1996 ann, nuair a phléasc ‘Aon Focal Eile’ le Richie Kavanagh isteach ag uimhir 1, amhrán a d’fhan ann ar feadh 8 seachtaine as a chéile.
Léirigh Seo Linn anuraidh áfach go bhfuil neart ar leith sa bhanna seo!
Cuimhnigh a bhfeachtas rathúil Kickstarter, inár éirigh leo €50,000 a bhailiú taobh istigh de 30 lá.
Tá muid ag súil go mbeidh an bóthar leo, agus é íoslódáilte againn in oifigí NÓS cheana féin.
Íoslódáil ‘Music Makers’ ar 99cent anseo.
Tacaímis leo!
RTÉ a choimisinigh ‘Music Makers’, agus beidh na leaids á chasadh beo Oíche Luan na Cásca, ar clár chomórtha 1916 ‘Centenary’ ar RTÉ1 ag a 11.10in.