Scór bliain ó shin d’eisigh an t-amhránaí iomráiteach Pádraigín Ní Uallacháin leabhar a chuir cor i gcinniúint an traidisiúin Ghaelaigh i ndeisceart Uladh.
Sa saothar ríluachmhar sin, A Hidden Ulster, agus san albam gaolmhar a lean é, thug sí amhráin Ghaeilge an cheantair chun beochta arís i ndiaidh tréimhse fhada chiúnais.
Focail agus foinn a bhí ligthe i ndearmad ó fuair an teanga bás mar phríomh-mhodh cumarsáide na dúiche, cuireadh ar ais i mbéal an phobail áitiúil iad agus tá siad á gcanadh le brí agus le bród ag glúnta nua Gael ó shin. Ní beag an t-éacht é.
Tá téama sin na hathnuachana le mothú fosta san albam is úire le Pádraigín ach is rud níos ársa arís atá a athmhúscailt aici an uair seo: an ceangal le fuinneamh na beatha féin.
Albam galánta glanrúnda 10 n-amhrán nuachumtha is ea Seven Daughters of the Sea / Seacht nIníon na Mara atá ina cheiliúradh ar iomláine an tsaoil, ó bhreith go bás, agus ar an neart atá le haimsiú i naofacht an domhain thart orainn.
Tá an naofacht sin le sonrú go soiléir ar ‘Beannú’, rian cumhtachtach a léiríonn saibhreas agus ilghnéitheacht ár mbandéithe dúchais – ní bheadh an liosta ainmneacha atá á cheol ag Pádraigín anseo as áit taobh le bandéithe iomadúla an Hiondúchais ná le hÓiríseanna mistéireacha na hAfraice Thiar.
Is í Bríd an bandia is mó a bhfuil a spiorad le brath ar an albam, rud tráthúil agus an 1 Feabhra anois aitheanta mar lá féile náisiúnta ó dheas. Tá sí á hadhradh go rithimeach meallacach ar ‘Imbolc’, amhrán álainn a chuirfidh ag luascadh go séimh suaimhneach thú, agus ar ‘Brigid Buach’, comóradh aoibhinn áthasach a thugann le fios dúinn go bhfuil spreagadh agus sólás le fáil ach athnascadh le ‘siúr rí neimhe’.
Ag cloí le heiseamláir na máthar agus le beocht na beatha, casadh cliste ar an amhrán traidisiúnta ‘Sí mo mhamó í’ atá sa chéad traic, ‘Mórmháthair’, agus tá an dóchas agus an torthúlacht a bhaineann le hathrú an tséasúir nua – mar aon le blúirín de mhealladh na sí – le cluinstin ar an aisling chomhaimseartha cheolmhar ‘Samhradh Buí’.
Is chuig réimse eile den saol a thugtar sinn le ‘Caoineadh Cine’, amhrán mothúchánach a iarrann orainn an brón idirghlúine atá istigh ionainn a aithint agus a mhothú, agus a leigheas dá réir. An monabhar glórtha atá ag tús an chaointe, sin agus áilleacht na fidléireachta ó bhogha Dónal O’Connor, nia le Pádraigín atá á tionlacan go paiteanta síos fríd an albam, cuireann siad draíocht bhreise leis an éifeacht iomlán.
Is sa traidisiún Gaelach atá an saothar fréamhaithe ach tá gné tharraingteach idirnáisiúnta ag baint leis chomh maith.
Tá dúil anama agam in ‘Mian mo Chroí’, beannacht phearsanta ar geall é le cantaireacht Sanscraite agus a bhfuil macallaí na hIndia le mothú ann, a bhuí sin le bansuri binn Rajat Prasanna.
Iontas eile nach mbeifeá ag súil leis, b’fhéidir, ná go bhfuil duine de na giotáraithe rac is aitheanta ar domhan, Steve Vai, ag seinm ar an teidealrian, ‘Seven Daughters of the Sea’ – amhrán fortúil dátheangach a bhfuil ortha rúndiamhair de chuid na Sean-Ghaeilge ann a chuirfidh faoi gheasa aon duine a thugann cluas dó.
Albam fonnmhar fiúntach atá sa saothar seo ó thús deireadh mar sin, é áitiúil agus uilíoch in éineacht, dúchasach ach domhanda, ábhartha ach síoraí.
Ofráil speisialta ó bhean, máthair, máthair mhór a thuigeann go bhfuil spiorad na beatha ag rith fríd gach duine againn agus atá ag tabhairt cuireadh dúinn an ceangal sin a athbheochan ionainn féin chomh maith, ar mhaithe le gach uile neach: beo agus marbh, sofheicthe agus dofheicthe, i gcóngar agus i gcéin.
Agus an mháthairchrúinne faoi bhrú mar atá sí agus achrann i measc an chine dhaonna ag méadú i láthair na huaire, níl aon amhras ann ach go bhfuil géarghá lena leithéid de theachtaireacht.
Éistimis léi.
Is féidir Seven Daughters of the Sea / Seacht nIníon na Mara a cheannach anseo.