Shigeto – No Better Time Than Now

Ní raibh ach meáchan ocht n-unsa ar Zach ‘Shigeto’ Saginaw nuair a rugadh go hanabaí é i Michigan, SAM tuairim agus 30 bliain ó shin.

Ní gan chúis, mar sin, a roghnaigh máthair Zach an focal Seapánach ‘shigeto’, a chiallaíonn ‘ag fás níos mó’.

Shigeto ab ainm do shin-seanathair máthartha Saginaw roimhe.

Is ar thóir a oidhreachta Seapánaí sin a chuaigh Zach agus a chéad cheol faoin ainm Shigeto á thaifead aige; scrúdú i bhfoirm dhá EP ar an dtréimse a chaith seanmháthair Zach – ar de shliocht Seapánach í – i ngéibheann ina tír féin i gcampa imtheorannaithe do ‘Sheapánaigh’ sna Stáit Aontaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Ceol uirlise hip hop lán de chumha tiomáinte ag buillí scealpacha leictreonach a bhí ann.

Ceol go mór faoi chomaoin, le bheith bheith fírinneach, ag saothair Autechre agus Dabrye i gcás a chéad albaim (Full Circle), agus an ‘Pause’ iontach le Four Tet i gcás an dara fad-iarrachta uaidh (Legacy).

Is é No Better Time Than Now an chéad albam ó Shigeto nach ndéanann plé ar an am atá thart, agus an chéad uair a n-éiríonn leis a bhóthar iomlán féin a shiúl i ndomhan an cheoil.

Thar aon rud éile, is drumadóir snagcheoil é Zach.

Cé go dtumann sé a scuab phéinteála i bpailéid shonacha cheolta techno (‘Detroit Part I’), ceol timpeallach (‘Olivia’), agus footwork (‘Perfect Crime’), is é an snagcheol croí agus anam an cheirnín seo.

Tugann sampláil Zach dá dhrumadóireacht féin blas beo do go leor de No Better Time Than Now, ó func traoite ‘Silver Lining’ go huigí lonracha ‘Soul Searching’.

Ar an ‘Ringleader’ eisceachtúil malartaíonn cnagadh tiúnta Gamalan, Afracach agus snagcheoil le druideanna de théad-nótaí mar phríomh-shéis an phoirt.

Ní raibh riamh am níos fearr ná anois díreach chun do chluasa a chur in aithne do cheol mín Shigeto.

SCÉALTA EILE