Síle ag an Chlé Club
& albam úr le seoladh ag Líadan


Clé Club, Cois Life Bar, Halla na Saoirse, BÁC / 16 Meán Fómhair @ 8in


Eagraítear club amhránaíochta agus ceoil uair sa mhí i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

An Clé Club a tugtar air agus is mbeár Cois Life i Halla na Saoirse, a bhíonn sé ar siúl.

Is ar an tríú Céadaoin den mhí a thagann lucht ceoil le chéile, agus cuireadh faoi leith tugtha acu d’aoi speisialta.

Is amhlaidh a bheidh amárach (Dé Céadaoin) agus is í Síle Denvir an t-aoi speisialta sin.

Cuirfear fáilte mhór rompu siúd sa slua, ar amhránaithe nó oirfidigh iad, a gcumas ceoil nó amhránaíochta a léiriú chomh maith i gcaitheamh na hoíche.

Is é Des Geraghty a bheidh mar fhear an tí don ócáid.

Tá Síle, mar is eol do go leor, gafa leis an mbanna ceoil Líadan, agus beidh siadsan ag seoladh a n-albaim nua, In Am Trátha/Well-Timed, faoi dhó i rith na míosa seo.

Beidh siad ag filleadh ar an gcontae gur thánadar le chéile mar bhanna ann, an chéad lá riamh – Luimneach – ar an 19ú.

Seolfar an t-albam thuas staighre san ionad Dolan’s agus beidh ceolchoirm cheiliúrtha acu chomh maith ar an oíche.

Seolfar arís ansin in athuair é, i mBaile Átha Cliath, i dtigh tábhairne an cheoil, The Cobblestone i Margadh na Feirme, ar an 25ú Meán Fómhair.