Neamh i bhfoirm diosca beag plaisteach a thug NÓS ar chéad albam an trumpadóra/cumadóra Matthew Halsall i dteannta The Gondwana Orchestra, When The World Was One, saothar spiritual jazz a bhí ar cheann d’albaim na bliana 2014.
Ainmhí de shaghas eile é Into Forever.
Bliain ar aghaidh tá tionchar John Coltrane agus Pharoah Sanders ar cheol The Gondwana Orchestra maothaithe go mór ag Halsall.
Ar Into Forever cloisimid Halsall ag lúbadh a mhatán mar chumadóir/stiúrthóir seachas mar cheoltóir.
Níl trumpa an fhir le clos ach ar dhá cheann de na 11 port seo, agus ní raibh a leathbhádóir buan, an sacsafónaí ildánach Nat Birchall, páirteach sa taifeadadh in aon chor (bí ag faire dá albam nua ar lipéad Jazzman sara fada).
Agus an bhéim ar amhráin (seo an chéad uair do Halsall dul i mbun oibre le hamhránaithe) agus téaduirlisí faoileanda cóirithe go mionchruinn ní féidir gan comparáid a dhéanamh le halbaim sheamhnacha 4-Hero agus The Cinematic Orchestra (tá drumadóir an ghrúpa úd, Luke Flowers, ina bhall de The Gondwana Orchestra freisin) ó thús na mílaoise.
Sea, tá Into Forever chomh maith sin.
Dála mar a rinne 4-Hero i gcás Ursula Rucker, agus The Cinematic Orchestra i gcás Fontenella Bass, tá draoi-amhránaí baineann den gcéad scoth aimsithe ag Halsall i Josephine Oniyama chun a fhís cheoil a chur i gcrích.
Amhráin iad ‘As I Walk’ agus ‘Into Forever’ a impíonn ort do hipí inmheánach a aimsiú agus – mar is eol d’éinne a chuaigh amú in aoibhneas leagan 4-Hero de ‘Les Fleurs’ le Minnie Ripperton – ní mór géilleadh.
Más ag snámh sna huiscí céanna is a bhí Art Ensemble of Chicago & Fontenella Bass an lá a rinneadar taifeadadh ar ‘Theme De Yo Yo’ atá Halsall agus Oniyama i gcás an ‘Badder Weather’ func-thiomáinte, cén dochar é?
Is fíor go dtugann na píosaí ionstraime éagsúla atá measctha tríd Into Forever athchuairt ar ghnéithe d’albaim début The Gondwana Orchestra – ceol Oirthearach agus ceol Alice Coltrane go háirithe – ach tá gontacht nua ag baint le cumadóireacht Halsall.
An toradh ná saothar a bhfuil tuile agus trá nádúrtha ag baint lena ghluaiseacht ó thús go deireadh, albam a chúitíonn athéisteacht gan é a bheith chomh domhain le début an ghrúpa.