Ní thagann ciall gan aois, is m’anam ach go bhfuil ciall le snagcheol cosmach Idris Ackamoor as Meiriceá, fear atá 65 bliain d’aois i mbliana.
Is thiar sa bhliain 1973 a eisíodh chéad albam Idris Ackamoor & The Pyramids, Lalibela.
Ag tarraingt ar fhuinneamh gluaiseacht na gceart sibhialta, bhí snagcheoltóirí Meiriceánacha mar Don Cherry, Herbie Hancock agus Mtume ag stiúradh an cheoil i dtreo níos saoire, anamúla ag an am.
Fiosrú ar fhréamhacha Afracacha an tsnagcheoil a bhí ar bun, rud a raibh Idris Ackamoor & The Pyramids go háirithe cáilithe go maith chuige.
Toradh camchuairte san Afraic ba ea albam début The Pyramids, an bhliain 1972 caite acu ag sú a raibh le clos de cheol na hIlchríche Dorcha ó Mharacó go Gána go Poblacht na Céinia agus ag bailiú gléasanna ceoil fad a slí le breith abhaile go Meiriceá leo.
Scair The Pyramids i 1977 tar éis dóibh trí albam a thaifeadadh.
Fiú agus atheisiúint déanta ar na halbaim sin ag Ceirníní Disko B na Gearmáine le blianta beaga anuas, bí ag súil le suas le €250 a chaitheamh más mian leat seilbh a fháil ar bhunleagan vinile d’aon cheann acu.
Tá éileamh fós, is léir, ar cheol Idris Ackamoor & The Pyramids, agus le soiscéal snagcheol spioradálta iar-Coltrane á scaipeadh ag bocanna óga mar Kamasi Washington, is tráthúil mar a tharlaíonn go bhfuil a gcéad albam úr le 40 bliain, We Be All Africans, á eisiúint in 2016 ag The Pyramids.
Saothar draíochtúil é. Ceol saortha ach gonta, cumasach gan a bheith casta. Fuaim scaoilte, chosmach gan a bheith ina praiseach gan treo.
Téann línte liriciúla altsacs Ackamoor ag scinneadh thar shraitheanna de rithimí casta ar an gcailimbe agus ar chnaguirlisí láimhe ar an amhrán ‘We All Africans Now’.
Malartaíonn ‘Epiphany’ amchomharthaí go cliste, tugann ‘Rhapsody In Berlin’ bríomhar tús áite don fhunc, agus tá caimeo máistriúil ag amhránaí Bajka (a bhíonn le clos ar albaim Bonobo) ar ‘Silent Days’.
Albam iontach afra-shnagceoil nach gá don ghnáthéisteoir aon imní a bheith orthu tabhairt faoi.