Snap-Sally!

Agus Gradam Ceoil TG4 ar siúl i mBéal Feirste ar an 4 Feabhra, tá feachtas ‘Snap-Sally’ á reáchtáil ar chuntas Snapchat TG4 le daoine a spreagadh chun an ríl aitheanta ‘The Sally Gardens’ a sheinm, a thaifeadadh agus a sheoladh isteach chucu.

Láithreoir TG4 Mícheál Ó Ciaraidh a sheol an feachtas agus chuir sé fáilte roimh an bhfidléir Clare Friel, ar a mbronnfar gradam ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ go luath, a leagan breá féin den tiúin a sheinm.

Ó shin, tá snapairí ceolmhara i mbun gnímh ar an bhfeachtas agus tá an-sult go deo le baint as an méid atá á roinnt ar chuntas Snapchat an stáisiúin go dtí seo.

Tá súil ag TG4 tuilleadh ceoil a chloisteáil idir seo agus oíche an Ghradaim, mar sin faighigí greim ar bhur n-uirlis cheoil, nó uirlisí i gcás Kyle thíos!

Agus mura bhfuil uirlis agat, ná bí buartha, cuir portaireacht isteach!

Seo an chéad uair ag Gradam Ceoil TG4, a thugann aitheantas do phlúr an cheoil thraidisiúnta gach bliain, a bheith ar siúl i mBéal Feirste agus tá scoth na hoíche geallta le De Dannan, The Voice Squad agus gradamóirí na bliana seo.

I measc na nduaiseoirí i mbliana, tá Frankie Gavin (Gradam Ceoil TG4), Patsy Hanly (Gradam Saoil), Máire Ní Chéileachair (Amhránaí na Bliana), Pádraigín Ní Uallacháin (Gradam Comaoine), Clare Friel (Ceoltóir Óg na Bliana), The Field Marshal Montgomery Band (Gradam Speisialta) agus ‘Concert’ (Gradam Comharcheoil).

Seinnigí agus seolaigí bhur bhfíseáin isteach go Snapchat TG4 faoin Mháirt 30 Eanáir!

Is féidir ticéad do Ghradam Ceoil TG4, a bheas ar siúl sa Halla Cois Cuain i mBéal Feirste 4 Feabhra, a fháil anseo.

SCÉALTA EILE