Cén cineál oíche is ea an oíche is fearr amuigh? An oíche a mbíonn tú réidh faoin 18:00, gach cnaipe léine druidte, do mhuineál tais le lóis iarbhearrtha agus dinnéar deas blasta os do chomhair? Nó an oíche shalach lán piontaí, do chuid éadaí as riocht, do chraiceann fliuch báite le hallas, agus aistear oscailte romhat gan ionchais gan ghealltanais?
Pé acu is fearr leat, is duitse atá an oíche seo. Beidh Sofar Sounds ag teacht go hIarthar Bhéal Feirste an 10 Samhain ag 7:00in.
Is gluaiseacht dhomhanda cheoil í Sofar Sounds nach bhfógraíonn roimh ré na hamhránaithe a bheidh ag seinm agus ag canadh. Ná bíodh aon bhuairt ort faoi chaighdeán na n-amhránaithe, áfach. Ní fhógraíonn siad suíomh na ceolchoirme ach an oiread!
Réidh chun léim sa dorchadas go fóill?
Fógraíonn Sofar Sounds láthair na ceolchoirme 36 uair an chloig roimh an cheolchoirm agus tá sceitimíní orainn a fháil amach áit a mbeidh ceolchoirm Iarthar Bhéal Feirste.
Ní seo an t-aon seó a bheidh acu an mhí seo. Beidh ceolchoirmeacha eile dá leithéid ag titim amach in oirthear agus deisceart na cathrach ar an 11 agus 19 Samhain, faoi seach. Cuirfear clabhsúr ar shraith na gceolchoirmeacha le seó deiridh an 3 Nollaig fosta. Is imeachtaí BB (Beir Buidéal) iad na ceolchoirmeacha uile seo agus an chuid is mó acu inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Is minic a bhíonn Sofar Sounds chun tosaigh ar an cheol príomhshrutha óir bhí roinnt amhránaithe acu san am atá imithe tharainn ar lean leo ag bailiú tacaíochta agus atá anois ar na ceoltóirí is mó clú ar domhan. Thug Billie Eilish taispeántas den chéad scoth uaithi ag Sofar Los Angeles in 2016 agus rinne Jack Harlow amhlaidh in Austin an bhliain dár gcionn.
Cá bhfios cé hiad na hamhránaithe áitiúla a bheidh ar an ardán ar 19:00 amárach. Níl ach réiteach amháin air…
Thig ticéid a cheannach do na ceolchoirmeacha uile anseo.