Soul Milis Mealltach

Is fada an méarchláraí Guillaume Méténier (aka Soul Sugar, thuas) as Páras na Fraince faoi gheasa ag glórtha na méarchlár analógach mar an Hammond B3, an Fender Rhodes, an Clavinet agus an Minimoog, agus iad cloiste aige ar thaifeadtaí leithéidí Jimmy Smith, Booker T, Stevie Wonder agus Jackie Mitoo ós na 60í ar aghaidh.

Ar nós shaothar Fat Freddy’s Drop agus Lord Echo, díríonn albam début Soul Sugar, Chase The Light, ar an bpaiste plobarnach sin i bhfharraige an cheoil ina gcastar sruthanna an reigé, an funk agus an soul ar a chéile.

Taifeadta i Kingston Iamáice agus Páras, is saothar gleoite é Chase The Light.

Ní hamháin go bhfuil glór mhéarchlár na sean-ré thuasluaite in uachtar, tá scoth na gceoltóirí aimsithe don dtogra ag Méténier in Yvo Abadi (drumaí), Jahno (cnaguirlisí/méarchláir) agus Thomas Naim (giotár).

Tá blas breá scaoilte, anamúil ar an dá phort (‘Take A Chance’, ‘All I Know’) cumtha ag Méténier i dteannta an amhránaí Courtney John, ach tá loinnir ar leith i leaganacha Méténier de phíosaí clúiteacha le roinnt dá laochra reigé, snag-cheoil agus soul.

An leagan iontach de ‘East Of The River Nile’ le Augustus Pablo, cuir i gcás, atá báúil do bhun-leagan melodica Pablo ach go bhfuil rithim láidir func faoi agus réthionlacan méarchláir ann ó Mhéténier a théann ag preabadh de chúinní na gcallairí.

Ní minic é fíor i gcás leagan úr de shean-phort, ach sáraíonn léamh reigé Soul Sugar ar an aintiún frithchogaidh agus frithchiníochais ‘Why Can’t we Live Together’ bunleagan Timmy Thomas ó 1973 (ar dhein Drake sampláil air do ‘Hotline Bling’).

Agus é ceolta go croíúil an babhta seo ag Leonardo Carmichael, bronnann Méténier dordlíne dub agus tionlacan geal giotáir ar amhrán a bhí taifeadta i mono, a bhí gann ar a dhóthain tionlacain cheoil ag Thomas an chéad lá.

I gcomparáid leis, tá leagan Soul Sugar de ‘Big Car’ leis an mhéarchláraí máistriúil reigé Jackie Mittoo, nach maireann, ró-dhílis don mbunleagan.

Leagan uirlise reigé de ‘Be Thankful For What You ‘ve Got‘ le William de Vaughn a bhí i bport Mittoo an chéad lá (beidh leagan Massive Attack cloiste agat, gan dabht) is cé nach bhfuil aon locht ar leagan Soul Sugar, níl samhlaíocht ag baint leis ach an oiread.

Éiríonn níos fearr leis an gcló misniúil reigé curtha ag Méténier ar an bport snagcheoil ‘Melllow Mood’ le laoch mór an Hammond B3, Jimmy Smith.

Agus leagan dub ealaíonta de gach port le clos fresin is beag bealach níos deise chun teitheadh ón ndorchadas a aimseoidh tú ná Chase The Light.

SCÉALTA EILE