N’fheadar an bhfuil tréimhse rófhada caite ag Omar Souleyman na Siria ar deoraíocht.
Tá blas a chuid ceoil ag éirí níos glaine, sibhialta le gach eisiúint.
Buille clagach a bhí in albam deireanach Souleyman (Wenu Wenu – léirmheas anseo) d’éinne nach raibh a stíl Shaabi street sound cloiste cheana acu, ach cé nár dhein Kieren Hebden (Four Tet) mórán mar léiritheoir an albaim ach cinntiú gur fhan na leibhéil amach as an dearg, ba leor é chun maolú áirithe a dhéanamh ar fhuaim ar mire Souleyman.
Bhí cuid den ndraíocht shoineanta agus an fhuaim shaofa shalach a bhain leis na taifeadtaí go téip ós na blianta 1995-2009 a d’eisigh lipéad Sublime Frequencies Seattle i bhfoirm an dlúthdhiosca Jazeera Nights (2010) imithe.
Ar fhianaise Bahdeni Nami ní cloisfear arís é.
Ina n-áit cloisimid ceol gur féidir leis an dioscmharcach casadh sa chlub gan aon bhaol do thiompáin an lucht rince.
Poirt bhreá fhada calabraithe ag leithéid Gilles Peterson, Four Tet, Modeselektor agus Legowelt chun riachtanais urláir rince chlubanna na hEorpa a shásamh.
Níl aon athrú ar bhun-eilimintí fhuaim Souleyman – rithimí Arabacha casta ar mheaisíní drumadóireachta, próiseáil leictreonach déanta ar fhuaim an bhasúcaí agus an rebab seinnte ar luas lasrach ag a chomrádaí Rizan Sa’id, le glór údarásach Souleyman ar a bharr.
Níl athrú ar ábhar a chuid amhrán ach an oiread (grá, grá nár mhair agus grá gan chúiteamh).
Ach cheana bhíodh rianta ar luas 166bpm le haimsiú ar albaim Souleyman.
Ag 138bpm tá an ‘Leil El Bareh’ Modeselektor-léirithe ar an bport is tapúla ar Bahdeni Nami.
Tá rian na foirfeachta ar léiriú Gilles Peterson ar ‘Tawellt El Gheba’, más línte glana atá uait, ach tá leagan acid techno cosmach Legowelt na hÍsiltíre ar an rud is samhlaíche anseo.
Níl aon rud le clos ar Bahdeni Nami a scanródh na beithígh, ach go leor a shásódh na dioscmharcaigh.
É sin ráite, más ceol house agus techno a bhfuil blas an cheoil Arabaigh air atá uait tá an bailiúchán seamhnach Acid Arab Collections ar cheirníní Versatile na Fraince ina rogha níos fearr ná Bahdeni Nami.