Cad é seo, go díreach?
An tiomsachán is déanaí sa tsraith a bhunaigh úinéir cheirníní Compost na Gearmáine, Michael Reinboth, siar in 1995.
In ainneoin theideal na sraithe ní raibh cluas chun cinn ar fhuaimeanna an tsnagcheoil riamh i gceist le bailiúcháin Future Sounds of Jazz, ach rogha Reinboth de cheol leictreonach a bhfuil blas nó spiorad an tsnagcheoil ag baint leis.
Tá rogha Reinboth ag druidim níos faide amach ón dtolglann i treo an urláir rince le gach eagrán, agus is ceol sofaisticiúil house is mó atá le clos ar FSOJ 13.
An bhfuil aon mhaith ann?
Tá dhá cheann dos na poirt afro house ab fhearr a eisíodh le blianta beaga anuas le clos anseo i bhfoirm ‘Sene Kela’ le Mr Raoul K (thuas) & Sona Diabate agus athmheascán eipiciúil Ricardo Villalobos & Max Loderbaeur de ‘African Man’ le Tony Allen.
Dá mbeadh duais le bronnadh don rian is dílse do theideal na sraithe Future Sounds of Jazz bheadh jab agat rogha a dhéanamh idir an ‘Some Jazz Shit’ beo, binn, de chuid FaltyDl agus athmheascán gleoite Atjazz de ‘Roots of Soul’ le Gabriel Poso.
Tugann ‘Father’s Legacy’ le Karim Sahraoui na Fraince (eisithe an chéad lá ar lipéad Transmat an laoich techno Derrick May) ag faoileitilt i réaltra eile ar fad sinn ar feadh 8 nóiméad, is tá stíl voodoo-boogie chosmach Montezuma’s Rache na hÍsiltíre (‘Wu Du Wu’) dochloíte.
Tá rianta maithe eile le clos ó leithéidí Chaos in The Cbd, Manual Tur agus C Vogt.
Laigí?
Cé go nochtann gach bailiúchán FSOJ seoda nach mbeidh cloiste cheana agat bíonn amhras i gcónaí faoi shlat caighdeáin Reinboth is a rogha á déanamh aige.
I gcás FSOJ 13 mairfimis gan iarrachtaí lagmheasartha Marsmobil, MLiR, Rancido, Tribilin Sounds agus Lagerfeltz.
An breithiúnas?
Déan seinnliosta dos na rianta is fearr ar FSOJ 13 agus beidh scoth an bhailiúcháin de cheol house ealaíonta, idirnáisiúnta agat.