Beidh Gradaim NÓS 2024 ar siúl i mBéal Feirste an 9 Feabhra. I mbliana bronnfar an gradam do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, an laoch craoltóireachta agus pobail a d’imigh uainn anuraidh. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe.
___________________________________________________
Ainm: An Chéad Ghlúin Eile
Seánra ceoil: Sean-nós agus ceol traidisiúnta le blaiseadh beag den cheol tíre fite fuaite
Scéal: Beirt deirfiúracha as Gaeltacht Ráth Chairn is iad Étáin agus Máire Ní Churraoin atá ag cumadh foinn thumthachta le fada an lá. Thug an banna ‘An Chéad Ghlúin Eile’ orthu féin nuair a d’aithin siad gurbh iadsan an chéad lúb eile i slabhra seachadta an traidisiúin béil. D’eisigh siad a gcéad dá shingil, ‘Tá Mo Chleamhnas Déanta’ agus ‘Bríd Óg Ní Mháille’, i mí Iúil agus i mí na Samhna 2023, faoi seach. Bíonn an bheirt amhránaithe ag cruthú ábhar Gaeilge do na meáin shóisialta freisin.
Spreagadh: Rugadh agus tógadh an bheirt “báite sa cheol” mar a deir siad féin. Ba é an ceoltóir sean-nóis iomráiteach, Darach Ó Catháin, seanuncail na gcumadóirí, caidreamh a raibh an-tionchar aige ar an saothar s’acu. Cuireann an grúpa síos ar Mhairéad Ní Fhlatharta, Síle Denvir, Lumiere, agus Muireann Nic Amhlaoibh mar ionspioráid chomh maith.
Pleananna do 2024: D’eisigh An Chéad Ghlúin Eile a gcéad albam, Cá’il an Bheirt? ar na mallaibh agus tá siad ag súil go mór leis an chnuasach a léiriú beo sa bhliain amach romhainn.