Spotsolas ar na Nuatheachtaithe: Colm Seoighe agus na hEasógaí

Beidh Gradaim NÓS 2024 ar siúl i mBéal Feirste an 9 Feabhra. I mbliana bronnfar an gradam do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, an laoch craoltóireachta agus pobail a d’imigh uainn anuraidh. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe.

________________________________________________________________

Ainm: Colm Seoighe agus na hEasógaí

Seánra ceoil: Rac, le blaiseadh den daoncheol agus den cheol Gaelach

Scéal: Triúr óganach ceolmhar as Conamara – Colm Seoighe, Daragh Jennings agus Fionn Ó Cualáin – atá sa bhanna spraíúil seo agus iad ar an fhód le breis agus bliain go leith. Déanann siad a leaganacha uathúla féin de shean-amhráin – ar nós Pota Mór Fataí – agus cumann Colm liricí úrnua sula gcuireann siad smaois ar na hamhráin le chéile. I measc na rianta nua a d’eisigh siad le déanaí tá an ‘Piocadh Faochain’ bríomhar taitneamhach:

Pleananna d0 2024: Tá Colm agus na hEasógaí ag baint sult mór as a dturas ceoil go dtí seo agus tá siad ag súil go mór le leanúint leo ag taifeadadh agus ag casadh beo le linn na bliana seo amach romhainn. Hup Conamara!

SCÉALTA EILE