Beidh Gradaim NÓS 2025 ar siúl i mBéal Feirste an 21 Feabhra. I mbliana bronnfar gradaim ar amhránaithe i 9 gcatagóir. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe, rannóg a ainmníodh in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí in 2024.
Ainm: James Shannon
Seánra ceoil: Ceol Hip-Hop Ailtéarnach
Scéal: Is as Baile an Chairpintéaraigh i mBaile Átha Cliath 15 do James Shannon, fear óg a bhíonn ag rapáil as Gaeilge leis féin agus leis an ngrúpa IMLÉ freisin. Ag fás aníos dó, bhíodh ceol á sheinm i gcónaí aige, rud a raibh sé tarraingthe ina threo riamh. Nuair a bhí sé an-óg sheinn sé go leor ceol traidisiúnta agus nuair a phioc sé suas an giotár ag 10 mbliana d’aois, dúisíodh an tsuim ann dul i dtreo ceol a chumadh. Bhí suim mhór aige i gceol hip-hop i dtólamh agus nuair a chonaic sé go raibh daoine á dhéanamh in Éirinn thug sé an spreagadh dó tosú ag scríobh nuair a bhí sé 14 bliain d’aois.

Spreagadh: “Athraíonn sé an t-am go léir ach faoi láthair tá an-suim agam sa cheol atá á eisiú ag Mk. Gee, Dijon, Doechii, Joey Bada$$ agus ar ndóigh Mac Miller.
Pleananna do 2025: “Tá EP nua IMLÉ, Róisín Seoighe agus mé féin ag teacht amach ar an 14 Márta agus tá oíche iontach pleanáilte againn sa Grand Social lena lainseáil. Amach anseo in 2025 beidh go leor gigeanna iontacha á seinm agam le IMLÉ agus tá go leor ceoil de mo chuid féin le heisiúint chomh maith in éineacht le gigeanna le mo chara Noremac. Táim ag súil leis an oíche i mBéal Feirste agus gach rud atá le teacht i mbliana.”