Spotsolas ar na Nuatheachtaithe: Macdara Ó Faoláin

Beidh Gradaim NÓS 2025 ar siúl i mBéal Feirste an 21 Feabhra. I mbliana bronnfar gradaim ar amhránaithe i 9 gcatagóir. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe, rannóg a ainmníodh in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí in 2024.


Ainm: Macdara Ó Faoláin

Seánra ceoil: Ceol traidisiúnta agus ceol tíre

Scéal: Is as An Rinn i gCo. Phort Láirge do Mhacdara Ó Faoláin. Thosaigh sé ag seinm nuair a bhí sé an-óg. Bhí a bheirt deartháireacha ag seinm roimhe agus is dócha gur sin agus ceol Planxty a spreag é don chuid is mó. Sheinn sé lena dheartháireacha is é ag fás aníos agus rinne sé staidéar ar an gceol i gCeol-Scoil Chorcaí níos déanaí. Thaifead sé dhá albam lena dheartháireacha sa ghrúpa Nuadán, agus thug sé tionlacan do go leor eile sular thosaigh sé lena chuid tionscnamh féin.

Pictiúr: Ealaín chlúdaigh ‘Do Shamhlaigh Mé Tír Nua…’ le Macdara Ó Faoláin.

Spreagadh: Andy Irvine, Planxty don chuid is mó. Bhí go leor ceol eile sa mbaile ar nós Tom Waits, Charlie Parker, Joni Mitchell!

Pleananna do 2025: “Camchuairt Music Network. Gigeanna aonair ag ceiliúradh sheoladh m’albaim Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn. Tionscnamh nua le comhoibrithe de mo chuid ceoil féinig. Cleachtadh! Taitneamh a bhaint as an saol.”

SCÉALTA EILE