Spotsolas ar na Nuatheachtaithe: Múlú

Beidh Gradaim NÓS 2024 ar siúl i mBéal Feirste an 9 Feabhra. I mbliana bronnfar an gradam do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, an laoch craoltóireachta agus pobail a d’imigh uainn anuraidh. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe.

__________________________________________

Ainm: Múlú

Seánra ceoil: Ceol traidisiúnta

Scéal: Is é Múlú an t-ainm ardáin atá ar Mhiadhchlughain Ní Dhomhnaill, amhránaí as Caisleán Uidhilín i gContae an Dúin. D’eisigh sí a EP, Sásta a bheith Anseo, ag tús 2023 le fuaimdhreachanna a chuirfeadh cluaisíní croí ort le huirlisí traidisiúnta agus guth binn ainglí Múlú. Mothóidh éisteoirí go bhfuil annála an cheoil ag canadh ina gcluasa féin agus saothar an amhránaí seo á chasadh acu.

Spreagadh: Tarraingíonn Múlú ar na blianta den cheol thraidisiúnta a tháinig roimpi, ina teaghlach féin san áireamh, mar spreagadh ar a cuid saothair. Cuireann sí an traidisiún Gaelach in iúl le brí nua agus léiríonn sí cumhacht an ghutha bhoig ar ‘Tá an Coileach ag fógairt an Lae’.

Pleananna do 2024: Tá Múlú ag súil go mór leis an chnuasach Sásta a bheith Anseo, atá ainmnithe d’Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta) chomh maith, a léiriú beo sa bhliain amach romhainn i ndiaidh bliain rathúil a bheith aici leis an togra.

SCÉALTA EILE