Beidh Gradaim NÓS 2025 ar siúl i mBéal Feirste an 21 Feabhra. I mbliana bronnfar gradaim ar amhránaithe i 9 gcatagóir. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe, rannóg a ainmníodh in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí in 2024.
Ainm: SÉiMí
Seánra ceoil: Sárcheol
Scéal: Rugadh agus tógadh ar Bhóthar na bhFál SÉiMí ó dhúchas – ‘go leor blow-ins sa ceantar ar lorg ‘street cred‘ le déanaí. GOA!’
‘Bhí suim agam sa cheol i gcónaí ach thug Rónán Mac Aodha Bhuí an chéad deis dom gig a dhéanamh ag an Cabaret Craiceáilte i dTigh Hiúdaí Beag. Shout out chuig Rónán agus Hiúdaí – Laochra!’

Spreagadh: Agus SÉiMí ag casadh lena chomrádaithe, tarraingíonn siad ar spreagadh ó leithéidí The Wailers, Joe Heaney, Dead Prez, Tinariwen, Van Morrison, Planxty, the Pogues. Réimse leathan!
Pleananna do 2025: ‘Tá dhá albam le seoladh agam, ceann a taifeadadh in Éirinn agus ceann eile a taifeadadh i Meicsiceo.’