Beidh Gradaim NÓS 2025 ar siúl i mBéal Feirste an 21 Feabhra. I mbliana bronnfar gradaim ar amhránaithe i 9 gcatagóir. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe, rannóg a ainmníodh in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí in 2024.
Ainm: Seosamh Mac
Seánra ceoil: Ceol traidisiúnta & ceol domhanda
Scéal: Is as Béal Feirste do Sheosamh Mac, a raibh suim riamh aige i gcúrsaí ceoil ó bhí sé óg. Níor thosaigh sé ag seinm le daoine eile agus ag scríobh ceoil go dtí go raibh sé ina dhéagóir agus tháinig sé ar an cheol thraidisiúnta.
D’athraigh sé a shaol agus thit sé i ngrá leis an cheol seo: ‘an pobal, na daoine, an fuinneamh agus an rithim atá bainteach leis. Bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh a bheith páirteach ins an saol seo agus an ceol seo a dhéanamh. Is maith liom mo bhlas féin a chur isteach sa cheol, agus scéalta comhaimseartha a insint, mar sin ní bhíonn mo chuid cheoil go hiomlán traidisiúnta.’
Spreagadh: ‘Nuair a chuala mé seisiún traidisiúnta den chéad uair agus mé i mo dhéagóir chuir sé alltacht orm, bhí mé go hiomlán gafa leis! Mar sin de, is iad na ceoltóirí ins na seisiúin cheoil i mBéal Feirste a chuaigh i bhfeidhm orm go fírinneach!
‘D’éist mé le neart seánraí ceoil agus grúpaí difriúla thar na blianta fosta, a leithéid de Sharon Shannon, Mike McGoldrick, At First Light, Kíla, Ross Ainslie, This is How We Fly, Francis Bebey, Fela Kuti, Bob Marley, The Clash, The Dubliners… téann an liosta ar aghaidh go deo!’
Pleananna do 2025: ‘Tá mé ag obair le camchuairt a chur le chéile ag an bhomaite fud fad na tíre chun an EP a chur ar an bhóthar. Cúpla dáta socraithe i mBéal Feirste ins na seachtainí amach romhainn – gig beag speisialta ins an Chultúrlann mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus Féile Imagine i mí Márta fosta.
‘Beidh mé ag obair ar mo thionscadail eile fosta; ag taifeadadh agus ag seinm le Lonesome George, agus ag scríobh agus ag seinm le grúpa drumadóireachta nua atá curtha le chéile agam, Buail Feirste. Plug beag – Má tá suim ag daoine a bheith páirteach i ngrúpa drumadóireachta dátheangach, bíonn muid ag bualadh le chéile oíche Mháirt ins an Chultúrlann 18:30-20:30, saor in aisce. Níl taithí cheoil ar bith de dhíth.’