Beidh Gradaim NÓS 2025 ar siúl i mBéal Feirste an 21 Feabhra. I mbliana bronnfar gradaim ar amhránaithe i 9 gcatagóir. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe, rannóg a ainmníodh in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí in 2024.
Ainm: The Shan Vans
Seánra ceoil: Rac-cheol forásach le tionchar ón phunc, ceol damhsa agus indie
Scéal: Is é The Shan Vans an t-ainm ar sheisear Feirsteach atá ag bualadh ceoil le chéile le dhá bhliain anuas. Bunaíodh The Shan Vans i Márta 2023 nuair a thosaigh an príomhcheoltóir Jake Óg, an giotáraí Aidan agus an dordghiotáraí Colm ag obair ar amhráin úra agus ag plé díchoilíniú tríd na healaíona. Níorbh fhada gur earcaíodh an drumadóir Adam agus an giotáraí Breandán, agus ina dhiaidh sin, tháinig Caolán ar bord mar mhéarchláraí. Ó shin, tá siad ag seinm ceoil timpeall na tíre agus ag forbairt a bhfuaime, rud a mheascann seanstíleanna rac le fuaimeanna nua.
Spreagadh: Tá tionchar láidir ag an cheol rac agus an ceol damhsa ó na 70idí, 80idí, 90idí agus 00eanna ar The Shan Vans. Is tionchar ollmhór ar a bhfuaim agus ar a bhfealsúnacht iad bannaí amhail The Clash, Joy Division, Rage Against the Machine, Nirvana, The Pogues, agus The Prodigy. Is breá leo ceol a bhfuil teachtaireacht aige, a bheireann deis damhsa agus smaoineadh, agus tá sé sin le sonrú go mór ina gcuid amhrán.
Pleananna do 2025: “Tá muid ag díriú ar dhá amhrán chumhachtacha nua a bhfuil tionchar Arctic Monkeys agus Nina Simone le cluinstin orthu. Beidh muid ag leanúint le gigeanna móra agus ag obair ar thograí ealaíne a tharraingíonn aird ar cheist na Palaistíne agus an díchoilínithe, cosúil lenár dtogra is déanaí ‘The Shan Van’ le Mikey Cullen.”