Spotsolas ar na Nuatheachtaithe: Torby

Beidh Gradaim NÓS 2024 ar siúl i mBéal Feirste an 9 Feabhra. I mbliana bronnfar an gradam do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, an laoch craoltóireachta agus pobail a d’imigh uainn anuraidh. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe.

 


 

Ainm: Torby

Seánra ceoil: Rap

Scéal: Is é Torby an t-ainm ardáin atá ag Conor Torbóid, Eagarthóir NÓS (NB: níl aon bhaint aige leis an mholtóireacht!). Tá sé ag scríobh a gcuid amhrán le tamall agus in 2023 d’eisigh sé cnuastéip rapcheoil dhátheangach dar teideal Chicken Sambos. Focail fhónta agus rithim ghreamúil is sainchomharthaí dá rianta, ar minic an dánacht a bheith ag baint leo.

Spreagadh: Is iad Nicki Minaj, Biggie Smalls, Lil’ Wayne, agus Eminem na rapálaithe is mó a chuaigh i bhfeidhm ar Torby, sin agus taibheoirí áitiúla ar nós Kojaque, Versatile agus Kneecap.

“Imeartas focal agus double entendres na rudaí is mó a thugann spreagadh dom agus mé ag scríobh. Ba mhaith liom go mbeadh daoine ag éisteacht le mo chuid ceoil an dara agus an tríú huair ar eagla gur chaill siad ciall rud éigin ar an chéad dul síos.”

Pleananna do 2024: Cuirfidh sé amhrán úrnua i láthair ag Gradaim NÓS 2024, an chéad amhrán dá chuid a bheidh ar fáil ar na hardáin cheoil mhóra. Tá físeán ceoil agus cnuastéip nua darb ainm Teach Mall beartaithe aige chomh maith.

SCÉALTA EILE