Tá Scoil Samhraidh Willie Clancy faoi lán seoil anois go dtí an Luan leis na sluaite ag bailiú isteach go Sráid na Cathrach le haghaidh ceann de na féilte ceoil thraidisiúnta is fearr dá bhfuil ann.
Mealltar daoine ó mhórthimpeall an domhain ar fad go Contae an Chláir, go gcloisfidh siad ceoltóirí agus amhránaithe ag roinnt a dtaithí phearsanta ar a gceirdeanna i gceardlanna agus léachtaí.
Bíonn deiseanna ann lucht an cheoil a fheiscint agus iad san áit is mó, b’fheidir, a mbíonn siad ar a gcompord – an stáitse, le ceolchoirmeacha ar siúl gach oíche.
Mura mbíonn deis agaibh freastal ar na himeachtaí an tseachtain seo, ná bíodh aon bhuairt oraibh – coinnígí cluas le RTÉ Raidió na Gaeltachta mar go bhfuil siad ag craoladh beo ón bhféile i rith na seachtaine.