‘Sreang Dhofheichte’: Tionscadal Taylor Swift le Róisín Seoighe x IMLÉ

Beidh Róisín Seoighe agus IMLÉ ag pilleadh ar Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste ar an 10 Bealtaine i mbliana faoi choinne seó thar a bheith nuálach a thugann an Ghaeilge agus an ceol comhaimseartha le chéile. Ní ceol nua IMLÉ é, áfach — bhuel, ní go díreach — ach leaganacha Gaeilge d’amhráin ó na halbaim folklore (2020) agus evermore (2020) le Taylor Swift.

Rinne an scríbhneoir Gabriel Rosenstock agus Róisín Seoighe í féin na hamhráin seo a ‘thraschruthú’ agus iad ag aistriú na liricí go Gaeilge. Is mar chuid den fhéile IMRAM an seó. Deir Róisín Seoighe faoin oíche:

“Is é atá sa Tionscadal Taylor Swift ná eispéireas ceoil físiúil de chnuasach speisialta d’amhráin Taylor Swift ó na halbaim, folklore agus evermore. Tá na hamhráin seo traschruthaithe go Gaeilge agam agus ag Gabriel Rosenstock. Chuir mé féin agus IMLÉ dhá sheó i láthair sa Pavillion i nDún Laoghaire mar chuid d’Fhéile IMRAM an fómhar seo caite le híomhánna ar an scáileán curtha in eagar ag Margaret Lonergan.”

Chomh maith le IMLÉ agus Róisín, cuirfidh Jessie Dingle cúpla amhrán aistrithe i láthair. Beidh liricí na n-amhrán le feiceáil ar scáileán i rith an tseó in éineacht le healaín déanta ag Margaret Lonergan.

Chuir Róisín Seoighe síos ar an phróiseas leis an seó a reáchtáil agus cuid den dea-thionchar a tháinig uaidh ó shin:

“Bhí sé thar a bheith speisialta agus tábhachtach domsa an t-eispéireas seo a chur ar fáil do phobal na Gaeilge anuraidh. Bhí an oiread sin daoine óga ag an dá sheó i nDún Laoghaire, thug tuismitheoirí a gcuid gasúr go dtí an seó agus iad gléasta suas faoi mar a bheadh ag an Eras Tour. Ba dheis thar a bheith speisialta é do thuismitheoirí a bheith páirteach in imeacht lena ngasúir, imeacht a raibh suim acu ann agus a bhí go hiomlán trí Ghaeilge chomh maith.

“Is dóigh, nuair atá tú ag obair ar thogra chomh mór leis seo agus an oiread sin oibre le cur isteach ann idir na liricí a aistriú agus a fhoghlaim, ba í an mhian ba mhó a bhí agam ná go dtuigfeadh daoine é ach b’ardú croí dom é go raibh an oiread sin tóra ag daoine air. Táim ag súil go mór lena léiriú do dhaoine arís i mBéal Feirste i mbliana.”

Beidh Tionscadal Taylor Swift: Sreang Dhofheicthe ag titim amach ar an 10 Bealtaine 2025 ag Barr a’ Tí in Áras Mhic Reachtain. Is féidir ticéad a cheannach anseo ar £20 agus thig d’ól féin a thabhairt leat.

SCÉALTA EILE