‘Stíl spraíúil shamhlaíoch atá báúil don dtraidisiún cumbia’

Nuair a bheartaíonn lipéad ceoil hip-hap mar Lex fadsaothar de chuid grúpa nach bhfuil baint acu le hip-hap a bheag nó a mhór a eisiúint bíonn cúis leis. Grúpa cumbia comhaimseartha Londain-lonnaithe iad Malphino, agus nuair a chloiseann tú fuaim the, thrópaiceach Visit Malphino tuigfidh tú ar an toirt cén fáth nár dhiúltaigh lucht Lex don deis é a chur amach. Mura raibh sé ina shamhradh roimh duit Visit Malphino a chlos, beidh ina dhiaidh!

Stíl cheoil í cumbia a tháinig ar an saol i Meiriceá Theas le linn aimsir na coilíneachta nuair a thosnaigh sclábhaithe ó iarthar na hAfraice ag dul i ngleic le huirlisí na mbundúchasach Meiriceánach, uirlisí mar an guacharaca agus na feadóga millo agus gaita. Meastar gur inimircigh Ghearmánacha a thug áit lárnach don chairdín i gceol cumbia, agus ba iad na Spáinnigh a rug an giotár leo trasna na farraige.

Má tá géinte measctha ag baint le ceol cumbia, mar sin, tá an méid céanna fíor i gcás bhaill an ghrúpa Malphino féin, agus Francaigh, Malaeigh, Filipínigh, Briotanaigh agus Seapánaigh ina measc. N’fheadar an í sin an chúis go n-éiríonn leo tabhairt faoin gceol cumbia i stíl atá  chomh spraíúil shamhlaíoch ar láimh amháin, ach báúil don dtraidisiún ar an láimh eile. 

Ní haon nua rud nua crosphailniú an cumbia le dub-cheol agus ceol leictreonach, gan dabht, ach seachnaíonn Molphino an cur-chuige ciotach, ródhigiteach a loiteann mórán de cheol “nu-cumbia” leithéidí Chicha-Y-Circuito domsa. 

Fuaimníonn rianta Malphino ar nós an cheoil chasta a bhíonn ag grúpa beo, den chuid is mó, ach bronnann fuaim thiubh David Aird agus orgáin leictreonach Graham Mushnik blas neamhghnách ar rianta ar nós ‘Mi Malphino ’82’ gliondrach. Amhrán mall, rómánsúil, agus aoibhinn, brónach, é ‘Impian Ku’, agus ní féidir gan rince nuair a thagann poirt mar ‘Molienda’ agus ‘La Bella Isla’ i do threo.

Saothar ceoil lán d’éagsúlacht rithimeach agus cleasanna léirithe beaga glice. Meallfaidh spioraid mórchroíoch Visit Malphinoar go minic idir seo agus teacht an fhómhair tú. Bella sonida, muchachos!

SCÉALTA EILE