Sula raibh an domhan mór…

Níl i Girlpool Los Angeles ach beirt déagóirí, Cloe Tucker (giotár) agus Harmony Tividad (dord), ach fiú agus deich rian Before The World Was Big thart laistigh de chúig nóimead is fiche tá albam début na beirte ar cheann dos na heisiúintí indie is tarraingtí a chualasa i mbliana.

Déanann amhráin Before The World Was Big plé ar phianta fáis an déagóra aonaránaigh agus iad ag druidim amach sa saol mór, thar fhuaim amh giotáir agus dordghiotáir comhghlasáilte, ciotrúnta agus armóintí gutha cumhachtacha Tucker agus Tividad (smaoinigh Kim Deal agus Tanya Donnelly The Breeders).

“I was taught what to believe, now all I know for certain is that that no-one is free. Tranquilise me with your ideal world,” a chantar ar Ideal World.

Malartaíonn fuaim Girlpool idir punc-acoustach (Magnifying Glass) agus ceol indie a bhfuil blas an americana air (Cherry Picking), ach tá luach chur chuige simplí Girlpool sa tslí a ndíríonn sé do chluasa ar liricí na n-amhrán.

“I just miss how it felt standing next to you wearing matching dresses before the world was big,” a chanann siad ar ‘Before The World Was Big’.

Nach bhfuil a fhios againn ar fad díreach cad atá i gceist acu?

Tugann páistiúlacht na líne “Walked around my neighbourhood one hundred one million-billion-trillion times” ón amhrán céanna le tuiscint dúinn nach bhfuil Girlpool fásta suas ar fad go fóill, agus bheifeá in amhras an mbeidh an tsoineantacht mhealltach chéanna ag baint lena gcuid ceoil nuair a bhfuilid.

Pé rud é, tá Before The World Was Big ina bhuille cinn a shásóidh éinne a bhfuil cumha orthu i ndiaidh fhuaim ban-indie na nóchaidí leithéidí The Breeders agus Liz Phair.

SCÉALTA EILE