Ba é an banna Steso (thuas) as na Scigirí san Atlantach Thuaidh a thóg leo SUNS Europe 2016, comórtas idirnáisiúnta d’amhráin atá scríofa i dteagacha mionlaithe na hEorpa, a bhí ar siúl thar an deireadh seachtaine.
Is iad muintir na Friúilise, teanga Laidineach in oirthuaisceart na hIodáile, a d’eagraigh an fhéile a thit amach i gcathair Udine agus a mheall iontrálacha as fud fad na mór-roinne agus níos faide i gcéin.
D’éirigh leis an ghrúpa nuálach Gaeilge IMLÉ áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais agus chuaigh a n-amhrán, ‘Fún Orm’, go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana a bhailigh ina sluaite in Teatro Nuovo Giovanni.
I measc na n-iomaitheoirí eile bhí Brieg Guerveno as an Bhriotáin, Veronika Usholik a cheolann in Chuckchi (teanga Phailé-Shibéarach in oirthear na Rúise), Familia Caamagno na Gailíse, Norma as an Fhreaslainn agus Gurude a cheolann in Khakas (teanga Thuirciceach i ndeisceart na Rúise).
Dúirt Cian Mac Cárthaigh ó IMLÉ gurbh iontach an t-eispéireas é bheith i láthair ag SUNS.
“Féile dhochreidte atá ann,” ar seisean agus é díreach tar éis theacht abhaile ón Iodáil aréir.
“Bhí sé iontach dúinne freastal air agus bualadh le ceoltóirí spéisiula as ar fud an domhain.
“Bhí an amharclann féin ar fheabhas agus bhí an deis againn ‘Fun Orm’ a chasadh os comhar slua de 1,250 duine ar an oíche.”
Ceol indie trance a sholáthraíonn na buaiteoirí Steso, a ceolann san Fharóis, agus tá a rian buach ‘Bruni’ le cloisteáil thíos.
Agus más suim leat an nuacheol, ná déan dearmad go mbeidh Gradaim Cheoil NÓS 2017 ar siúl i mBÁC ar an mhí seo chugainn.
Foilseofar an gearrliosta go luath agus tá ticéidí luatha le fáil anois anseo!