Syclops – Blink of an Eye

Tá ceann mór ar Maurice Fulton, an ceoltóir/ léiritheoir atá mar cheannasaí ar an ngrúpa Syclops. Ceann mór groí. Go fisiciúil, dála an scéil.

Ó thaobh na pearsantachta de is fear séimh, macánta é.

Ní cás dó a bheith chomh réasúnta. Dá mbeadh sé ina diva glóirdhíomhaoineach (vainglorious) ceart, maithfimis dó é.

Cén fáth?Is as Baltimore SAM é, ach tá sé ag cur faoi in Sheffield Shasana le fada an lá agus is ar dhuine de laochra móra neamhaitheanta ceoil rince an chéid seo é gan amhras.

Fear a dhéanann ceol atá chomh funcaí go samhlófá go raibh George Clinton, Herbie Hancock agus Juan Atkins ag réabháil istigh ina bhfo-bhríste.

Tuigeann Fulton nach gá dul thar fóir le héifeachtaí eagsúla.

Mar a chruthaigh sé le ‘Where’s Jason’s K?’, a d’eisigh DFA (lipéad James Murphy LCD Soundsystem), níl ag teastáil uait ach meaisín drumadóireachta agus méarchláir chun an t-urlár rince a chur tré thine más fios duit conas na diail rudaí a sheinm.

Albam uimhir a dó ó Syclops é ‘Blink Of An Eye’. Go bunúsach, tá an ceol roinnte i ndá shaghas poirt. Rianta loma, amha diosco agus boogie house (‘Jump Bugs’, ‘Sarah’s E With Extra P’, ‘Unmatched’) agus piosaí eachtrúla snagcheoil leictreonaigh (‘Raj & Clare’, ‘Got To Get Up For Monday’).

Tá na poirt rince déanta as eilimintí fíor-shimplí, drumaí 808, méarchlár Korg de chuid na seanré, giotáir leachtúla agus piosaí de chnagadh agus pianó laidineach ó am go chéile, ach mar a léiríonn an ‘Blue Monday’ síorghlas le New Order tá an-tábhacht leis an tslí a n-úsáideann ceoltóir a chuid achmhainní seachas méid an stóir.

I gcás Fulton, bí ag súil leis an rud nach mbeifear ag súil leis.

D’fhéadfá a rá go dtéann na píosaí snagcheoil beagáinín as smacht, ach tá pléasúr ar leith ag baint le cluas éisteachta a thabhairt do ghrúpa ceoltóirí atá ag leanúint de réir a mianta gan cuimhneamh ró-mhór ar cé a bheadh ag éisteacht.

Gan aon áibhéil a bheith i gceist tá an ‘Got To Get Up For Monday’ radacach ar nós Headhunters ar LSD.

Níl Syclops foirfe, ach ná bí ag súil le foirfeacht is tú ag plé le ceoltóir ardéirime.

SCÉALTA EILE