Tá an Cabaret ar ais!

Baileoidh slua breá i nGaoth Dobhair san oíche amárach, áit a mbeidh an chéad Chabaret Craiceáilte de 2018 ar siúl i dTí Hiúdaí Bhig.

Cuireadh síolta an Chabaret siar sa bhliain 1993 agus tá an spraoi atosaithe arís ag rí na réabhlóide Rónán Mac Aodha Bhuí ó bhí Lúnasa 2008 ann.

Is iomaí imeacht den scoth atá curtha ar fáil ó shin – i dTír Chonaill agus ar fud na tíre – agus is amhlaidh a bheas ócáid mhór an tSathairn chomh maith.

Ag dul chun ardáin beidh na laochra Bréag – nach bhfuil aon chur síos orthu ag teastáil ó léitheoirí na hirise seo – agus an banna spleodrach neamhshaolta Balcánach, Basork, atá lonnaithe i nDoire.

Beidh tuilleadh nach iad ag seinm fosta mar is gnáth agus níl ach €10 ar an doras.

Agus má tá sibh ar bís faoin chéad Chabaret seo den bhliain fan go gcluine sibh cé a bheas ag seinm ann sna míonna amach romhainn: Abhainn Bhearra, Kneecap, Pádraig Jack, Na Fíréin Díphlugáilte, an t-amhránaí binn Maeve McElduff as Tír Eoghain agus an sárghiotáraí Feirsteach John ‘Larry’ Tracey.

Coinnígí súil anseo agus ar na meáin shóisialta le linn na bliana le haghaidh na sonraí… gura fada buan é an chraic chraiceáilte!

SCÉALTA EILE