Le tamall tá an DJ Sualannach mór le rá, Avicii, ag cleasaíocht lena lucht leanúna ar Instagram.
Thug sé le fios seachtain ó shin go scaoilfí EP (albam gearr) nua uaidh ar an 10 Lúnasa agus gach lá ina dhiaidh d’fhoilsigh sé mír le giota de cheol nua inti chun éachtaint a thabhairt don saol mór ar cad a bhí le teacht.
Mar aon leis na sluaite eile, bhí áthas orm inné ag 16.00 nuair a cuireadh Avīci ar fáil ach díomá orm chomh maith nach raibh ach 6 rian air.
Tuigtear go n-eiseofar albam iomlán san am amach romhainn, áfach.
Seo thíos mo bharúil mar sin ar na hamhráin úra.
Friend of Mine (le Vargas & Lagola)
Tosaíonn an chéad amhrán seo go mall ach éiríonn sé níos tapúla.
Tá fuaim ghiotáir le cloisteáil ag tús an amhráin sula dtosaítear na buillí aibhléiseacha a shleamhnú isteach ann, rud a chuireann go mór leis.
Tá sé ar nós amhráin eile ó Avicii ach ní hé an ceann is fearr.
Tuar dóchais don chuid eile, b’fhéidir, ach críochnaíonn sé measartha tobann.
Lonely Together (le Rita Ora)
Is breá liom na fuaimeanna doimhne atá ag tús an riain seo sula dtosaíonn Rita Ora ag canadh.
Tá guth deas ag bean Londan san amhrán measartha mall seo, nach bhfuil cosúil le hamhráin eile a chum an DJ cheana.
Smaoiním air mar amhrán a sheinnfeá ag tús ceolchoirme chun an slua a mhúscailt go réidh.
You Be Love (le Billy Raffoul)
Ní aon amhras go bhfuil guth suimiúil ag Billy Raffoul agus feabhsaíonn an t-amhrán seo de réir a chéile, cé go dtosaíonn sé amach go han-éadom.
Pléascann an ceol ag pointe sula moilleann sé arís.
Ardaíonn guth Raffoul go mall arís ach ní ardaíonn an ceol leis.
Fágtar an t-éisteoir ag feitheamh ar an bpléascadh ceoil, nach dtagann.
Is mór an trua é mar d’fhéadfadh an t-amhrán a bheith níos spleodraí níos luaithe.
Roinnt buillí tar éis an 3ú nóiméad tagann beocht san amhrán ach ní mhaireann sé rófhada mar chríochnaíonn an t-amhrán ag 3.27 nóiméad.
Deis chaillte is dóigh liom.
Without You (le Sandro Cavazza)
Seo, gan aon agó, an t-amhrán is fearr ar an EP seo.
Tá an rithim, an fhuaim agus glór Sandro Cavazza thar cinn.
Spleodrach agus tapa, is amhrán Avicii den seandéanamh é, amhail ‘Levels’ agus ‘Wake Me Up’ (a thuill clú as Gaeilge ar ndóigh nuair a rinne Coláiste Lurgan a leagan féin de).
Tosaíonn sé go réidh ach ansin brúchtann an ceol go hard agus go gasta.
Canann Sandro Cavazza go bog ag an tús ach nuair a thosaíonn an cúrfa, scaoileann sé an bobailín amach mar dhea.
Cuireann sé teann lena ghuth agus spreagann an ceol daoine chun canadh agus damhsa, an sprioc atá i gceist le ceol Avicii.
D’fhéadfá slua mór ag féile cheoil a shamhlú ag preabadh agus an t-amhrán seo á gcanadh acu.
Buaic an EP.
What Would I Change It To (le Aluna George)
Tá an t-amhrán seo ar nós popamhráin ó Lily Allen.
Cé go bhfuil sé go deas, tá sé i bhfad ró-éadrom dar liom.
Ní dhéanfadh sé cúis ag féile cheoil mar shampla: bheadh an slua fágtha gan a fhios acu conas damhsa leis an gceol nó gan aon rud le canadh acu.
Tá úire le brath ann áfach.
So Much Better (Avicii Remix)
Tá fuaim agus rithim ait ag an amhrán seo, atá mall agus a bhfuil blaiseadh den RnB le brath ann.
Níl mórán den fhuaim aibhléiseach a bheadh duine ag súil leis ó Avicii ann.
Mar a thugann teideal an amhráin le fios, d’fhéadadh Avicii amhrán i bhfad níos fearr a dhéanamh.
An tátal
As na sé amhrán seo ar Avīci mar sin, níl ach dhá cheann acu – ‘Without You’ agus ‘You Be Love’ – atá thar mholadh beirte.
Údar díomá go cinnte.
Níl na hamhráin eile cosúil le saothar Avicii go nuige seo.
Go deimhin, níl faic cearr le hathrú poirt ach má tá ceoltóir clúiteach chun foinn nua a chumadh, bheadh sé go maith dá mbeadh siad fiúntach agus taitneamhach, agus úsáideach os comhair slua.
Mar sin féin, táim, agus beidh mé, ag éisteach go minic le ‘Without You’.
Is fonn iontach é atá oiriúnach do chóisrí, d’fhéilte ceoil nó nuair atáthar ag iarraidh do cholainn a fheabhsú sa lúthlann.
Tá mé ag súil le toradh píosa beag níos fearr ón albam féin amach anseo.