Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag ceiliúradh 10 mbliana de Liú Lúnasa

Seoladh an 10ú bliain de Liú Lúnasa inniu an 23 Lúnasa i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Bhí an t-ionad cultúrtha lán go dorais agus muintir an phobail ag caitheamh siar cannaí Little & Green.

Déanann lucht stiúrtha Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an fhéile a reáchtáil go bliantúil sa tseaneaglais ar Bhóthar na bhFál. Cruinníonn Gaeilgeoirí, foghlaimeoirí, teaghlaigh, agus daoine óga sa Cheathrú Ghaeltachta ar feadh seachtaine chun bolgam tae a ól agus cúpla focal a úsáid ag na himeachtaí idirghníomhacha atá eagraithe ag lucht na Cultúrlainne.

Clár lomlán atá curtha le chéile ag an fhoireann i mbliana le freastal ar chíocras an phobail. Sásóidh dianchúrsaí Gaeilge na foghlaimeoirí agus beidh deis ag teaghlaigh a gcuid páistí a thabhairt leo go Glór na Móna le haghaidh an lá teaghlaigh le Fís an Phobail. Féach thíos ar na himeachtaí go léir.

Pobal

Oíche Airneáil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí
Oíche lán craice lán grá i dTí Mhadáin i lár Bhéal Feirste. Roinnfidh cairde de chuid Rónáin scéalta faoin laoch raidió. Togha agus rogha na gceoltóirí, crannchur agus súimíní blasta!
29|08|24 — 19:00–Mall — Tí Mhadáin

Ióga le Dunla
Seisiún machnaimh trí mheán na Gaeilge faoi stiúir Dhunla. Téigh ar thuras suaimhneach agus foghlaim faoi fhiseolaíocht an choirp ar bhealach iomlán uathúil.
31|08 |24 — 09:00 — Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Malartú & Meascadh
Beidh DJ Dalba ag seinm cúpla tiúin in An Lon Dubh chomh maith le malartú éadaí, meascadh manglam, agus meascadh ar an deic ag titim amach. Tá costas £5 ar an mhalartú éadaí.
31|08|24 — 2:00–17:00 — Raidió Fáilte

Pictiúr: Póstaer don oíche Slam Filíochta. (Creidmheas: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich)

Oideachas

Dianchúrsa Liú Lúnasa
Cuirfear fáilte roimh fhoghlaimeoirí ar gach leibhéal labhartha Gaeilge dul ar dhá dhianchúrsa dhá lá as a chéile. Bain triail as cúpla focal i mBia Loch Lao idir na ranganna.
30|08|24 & 31/08/24 — 11:00–14:00 — Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Litríocht

Faiteach — Aiteach
Mar chuid den fheachtas ‘Are You On the Bus?’ Le Outburst, déanfaidh Dónall Mac Giolla Chóill léamh iontach de Faiteach — Aiteach’, aiste ón chnuasach aistí Tails of the City a amharcann ar eispéireas an duine aitigh mBéal Feirste.
29|08|24 — 19:00 — Paperclips

Slam Filíochta Liú Lúnasa
Cluinfear ó scoth na scríbhneoirí an oíche seo agus beidh filí na Gaeilge in adharca a chéile chun duaiseanna iontacha airgid a bhaint. Cláraigh roimh dheireadh an lae inniu anseo.
30|08|24 — 20:00 — Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Teaghlaigh

Lá Teaghlaigh le Fís an Phobail
Lá spraoi do theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Preabchaisleán, uachtar reoite, agus roinnt cluichí spóirt do na Gaeil óga.
31|08|24 — 12:00–14:00 — Gael-Ionad Mhic Goill

Grianghraf: DJ Huartan ar an mhaidhc ag Liú Lúnasa anuraidh. (Creidmheas: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich)

Ceol

Ceolchoirm Liú Lúnasa @10
Chun críoch spleodrach a chur le Liú Lúnasa, beidh Torby, The Shan Vans, agus Huartan ag tabhairt faoi ardán na hamharclainne i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich chun ceolchoirm Ghaeilge a chur ar siúl. Beidh iarchóisir le Grooveline ag DJ sa Choirceog trasna an bhóthair chun deireadh a chur leis an oíche.
31|08|24 — 20:00 — Cultúrlann McAdam Ó Fiaich & An Choirceog

SCÉALTA EILE