Don tríú bliain as a chéile tá gradaim á reáchtáil ag NÓS chun aitheantas a thabhairt don nuacheol Gaeilge agus chun ceiliúradh a dhéanamh orthu sin – ó na bannaí go dtí an lucht éisteachta – atá ag croí an dul chun cinn ceolmhar seo.
I measc na bhforbairtí do Ghradaim NÓS 2018 tá rannóg nua (‘Ealaín Albaim na Bliana’) curtha le liosta na nduaiseanna agus comhpháirtíocht ar leith le RTÉ – sonraí iomlána faoi seo le fógairt Déardaoin 30 Samhain.
Ocht ngradam atá le bronnadh – ó ‘Amhrán na Bliana’ ar aghaidh go ‘Féile na Bliana’ – agus tá go dtí 14 Nollaig ag ceoltóirí agus grúpaí cur isteach ar na rannóga éagsúla (is féidir sin a dhéanamh anseo).
Fógrógar an gearrliosta le linn mhí na Nollag agus ansin beidh an ócáid mhór féin ar siúl Dé hAoine 12 Eanáir 2018 sa Sugar Club, Baile Átha Cliath.
Tá ticéidí do Ghradaim NÓS 2018 ar díol cheana féin – imíonn siad go tapa mar sin molaimid daoibh bhur gcuid a fháil go luath!
Is féidir liosta na mbuaiteoirí ón bhliain seo caite a fheiceáil anseo.