Fiosracht, seachas gliondar, a bhraitheas nuair a chuala go raibh New Order ar tí a gcéad albam le deich mbliana a eisiúint.
Bhí Power, Corruption & Lies (1983) an ghrúpa riamh ar cheann dos na halbaim is giorra dem’ chroí, ach níor chuireas mórán suime in aon albam de chuid New Order tar éis Technique (1989).
Chas m’fhiosracht ina imní nuair a thuigeas nach raibh fear an doird, Peter Hook (a d’fhág New Order in 2007), páirteach sa taifeadadh.
New Order gan dord láidir, séiseach, rithimiúil an fhir chantalaigh a bhí ann ó laethanta Joy Division?
Nach mbeadh sin ar nós Pixies gan Kim Deal (níor éirigh ró-mhaith leis sin), Chic gan Nile Rodgers, Talking Heads gan Tina Weymouth?
Mheasfá sin, ach éiríonn le dordghiotáraí nua an ghrúpa, Tom Chapman (Bad Lieutenant), aithris réasúnta a dhéanamh ar stíl íocónach Hookey ar 5 cinn de 11 amhrán Music Complete.
Má tá locht ar opus úr New Order, agus tá, ní staonadh Peter Hook é ach easpa inspioráide Bernard Sumner mar chumadóir amhrán.
Malartaíonn fuaim an albaim idir indie-pop réasúnta sásúil (‘Restless’, ‘Academic’), poirt rince le blas an techno orthu léirithe ag Tom Rowland na Chemical Brothers (‘Singularity’, ‘Unlearn This Hatred’), piano house (‘People On The High Line’), dioscó leictreonach i stíl Giorgio Moroder (‘Plastic’) agus EDM fíor-ainnis (‘Superheated’), ach tá liricí lapacha Sumner leat i gcónaí (ach amháin i gcás aithris Iggy Pop ar Robbie Robertson ar an ‘Stray Dogs’, píosa nach dtagann leis an chuid eile den albam).
Ní raibh Sumner riamh ar an amhránaí ná an cumadóir is cumasaí, ach ar a laghad nuair a bhí sé níos óige agus níos boichte bhí a chroí san áit cheart.
Nuair a chloisim milliúnaí atá nach mór 60 bliain d’aois ag canadh na focal “I feel so restless, ain’t got no interests, I couldn’t care less, can’t be a success,” agus é ag iarraidh dul i ngleic le “this changing world,” ní mór an trua atá agam dó.
D’fhéadfadh Music Complete bheith níos measa, ach n’fheadar an bhfuil sé in am éirí as, Bernard?