Tá an gearrliosta fógartha don 7ú heagrán de Ghradaim NÓS, gradaim a dhéanann ceiliúradh ar scoth an cheoil Gaeilge a eisíodh le bliain anuas – féach thíos an gearrliosta iomlán.
Bronnfar na Gradaim ag ócáid speisialta san Oh Yeah Music Centre, Béal Feirste, Dé hAoine 21 Feabhra, ócáid ag a mbeidh cuid de na ceoltóirí iontacha atá ainmnithe ag seinm ar ardán le linn na hoíche.
Is liosta le háireamh iad na bannaí agus na hamhránaithe a d’eisigh saothar inár dteanga féin le 12 mhí anuas agus ina measc siúd atá ainmnithe i mbliana tá Altan, Amano + Kalabanx, An Chéad Ghlúin Eile, CAOIMHíN, Clare Sands, Deoraí, Huartan, IMLÉ, John Spillane, KNEECAP, Lullahush, Macdara Ó Faoláin, Piaras Ó Lorcáin, RÓIS, SÉiMí agus Súil Amháin.
9 rannóg san iomlán atá i gceist le Gradaim NÓS 2025, ardú ó na 7 gcinn a bhí ann anuraidh. Cuireadh an gradam ‘Amhrán Dátheangach na Bliana’ leis na catagóirí mar aitheantas ar an mhéadú atá tagtha ar an cheol dhátheangach le tamall de bhlianta agus mar iarracht tuilleadh ceoltóirí nach gcanann i nGaeilge de ghnáth a mhealladh chun na teanga.
Lena chois sin, roinneadh an tseanrannóg ‘Banna/Ceoltóir na Bliana’ ina dhá cuid agus anois tá duais ar leith ann do na grúpaí ceoil agus ceann eile do cheoltóirí aonair.
Painéal moltóirí a roghnaigh na ceoltóirí a bhain an gearrliosta amach, painéal ar a bhfuil ionadaithe ó RTÉ Raidió na Gaelachta, BBC Gaeilge, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Féile na Gealaí agus NÓS é féin.
£16 atá ar na ticéid don oíche mhór agus is féidir do cheannsa a cheannach anseo anois.
Eiseofar tuilleadh sonraí gan mhoill faoi na ceoltóirí a bheidh ag seinm ag na Gradaim… an Gaelcheol abú!
Amhrán na Bliana
Caochpholl – Súil Amháin + Bantum (le Ribé Róibéis)
Caoine – RÓIS
Cé a bheas thíos leis? – SÉiMí + Color Hermano
HEART – Amano + Kalabanx (le Liam Ó Maonlaí)
Peacach – IMLÉ
Sláinte – IMLÉ
Buaiteoir 2024: An Murda Meaisín – Súil Amháin + Rob Mulhern
Amhrán Dátheangach na Bliana
Crónán na Sruthán – Clare Sands
Drug Dealin Pagans – KNEECAP
Fine Art – KNEECAP
Na Na – Torby
Sick in the Head – KNEECAP
Way Too Much – KNEECAP
Buaiteoir 2024: catagóir nua
Albam na Bliana (Nuacheol)
Allt Vol. II: Cuimhne – Julie Fowlis, Eamon Doorley, Zoe Conway, John McIntyre
athPhORT – Súil Amháin + Bantum
Ceantar + Alltar – CAOIMHÍN
Fíoruisce: The Legend of the Lough – John Spillane
Gormacha – Clare Sands
THREAD – Amano + Kalabanx
Buaiteoir 2024: An 424 – Trá Pháidín
Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
Airneán – Notify
Cá’il an Bheirt? – An Chéad Ghlúin Eile
Do Shamhlaigh Mé Tír Nua – Macdara Ó Faoláin
Donegal – Altan
Buaiteoir 2024: Bláth na hÓige – Bláth na hÓige
Ealaín na Bliana
Allt Vol. II: Cuimhne – Julie Fowlis, Eamon Doorley, Zoe Conway, John McIntyre
athPhORT – Súil Amháin + Bantum
Cuan – Aoife Welby
Fine Art – KNEECAP
Gormacha – Clare Sands
Siúlóid – Deoraí
Buaiteoir 2024: Anamnesis – Síle Denvir
Físeán na Bliana
Caoine – RÓIS
Love Making – KNEECAP
Na Daoine Maithe – Seosamh Mac
Na Na – Torby
Sick in the Head – KNEECAP
Sláinte – IMLÉ
Buaiteoir 2024: Maidin Heinz – Trá Pháidín
Nuatheachtaí na Bliana – Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí
James Shannon
Lullahush
Macdara Ó Faoláin
SÉiMí
Seosamh Mac
The Shan Vans
Buaiteoir 2024: Huartan
Ceoltóir Aonair na Bliana
Eoghan Ó Ceannabháin
Clare Sands
Diane Cannon
Piaras Ó Lorcáin
Róisín Seoighe
Súil Amháin
Buaiteoir 2024: catagóir nua
Banna na Bliana
An Chéad Ghlúin Eile
Colm Seoighe + na hEasógaí
Grooveline
Huartan
IMLÉ
KNEECAP
Buaiteoir 2024: Rónán Ó Snodaigh + Myles O’Reilly