‘Tá seoid nó dhó don éisteoir eachtrúil anseo’

Cad é seo, go díreach?

An chéad eagrán de shraith nua bailiúchán ar cheirníní Isle of Jura, lipéad ceoil eicléictiúil a bhunaigh an léiritheoir agus DJ Kevin Griffiths in 2016. Lonnaithe in Adelaide na hAstráile atá Isle of Jura, seachas amach ó chósta thiar na hAlban mar a bheifeá ag súil. 

Fuaimeanna idir dhioscó, dub, boogie, ceol timpeallach agus func atá le clos, agus béim á leagadh ag rogha Griffiths ar rianta dofhaighte,  idir phíosaí a baineadh ó cheirníní atá i bhfad as cló agus rianta nár eisíodh i bhfoirm vinile riamh cheana.

 Tá obair mhór tochailte déanta ag Griffiths, chaithfeá rá, fiú dá mbeadh sé d’ádh agat teacht ar na buneisiúintí ar a bhfuil ocht rian Transmission One bunaithe, déanaim amach go mbeadh isteach is amach le €550 caite agat sula mbeidís curtha le do bhailiúchán ceoil agat!

An bhfuil aon mhaith ann? 

Bhí gaineamh sna ladhracha ag Simon Rees (Astral Engineering) an lá a dhein sé taifeadadh ar ‘Seashore Dub’, slabóg de dhub-reigé digiteach lán de ghlór na dtonn agus na n-éan mara. Cuireadh chun tús a chur le luascadh na gcromán.

Is fánach an áit a gheofá gliomach, ambaiste, agus tugann Griffiths siar go hIorua na bliana 1983 le ‘Born In Borneo’ muid. Scoth-amhrán lúbach punc-func é, a fhuaimníonn rud beag ar nós The Slits sa leaba leis an drumadóir afro-beat Tony Allen.

Port snasta boogie é ‘Integration’ (1979) de chuid Trevor Bastow, le séis mhilis fhliúite, wah-wah leachtach agus nótaí sintéiseora bolgacha. Díreach an rud atá uait is an ghrian a dul faoi agus tonn teasa buailte chugainn. 

Cén toradh a bhí ar ghrúpa snag-cheoltóirí Iodálach a bheith ag truipéireacht ar LSD sa stiúideo siar i 1979, meas tú? Éist le func cosmach ‘Black Shadow’ le Minus Group!

I gcomhluadar mar é seasann fuaim hip hap ionstraime lán teannais ‘Traumerei’ de chuid Blindboy na Sualainne amach, is fíor duit, ach ní haon locht ar an bport féin é.

Laigí? 

Cosnaíonn cóip den cheirnín luath hip hap ‘All Party People’ de chuid Mix-O-Rap €60 ar shuíomh Discogs,  ach ní déarfainn gur ar mhaithe leis an leagan leamh ‘Go Go Style’ atá roghnaithe ag Griffiths anseo a bheadh duine á cheannach.

Tá cáil ar Danny Wolfers as scoth an cheoil teicneo agus eleictreo a a léiriú mar Legowelt ach ní chorraíonn an port fánach gan buillí taifeadta aige faoin ainm Smackos (‘We Can Watch Alf In The Hotel Room’) puinn mé. 

An breithiúnas? 

 Tá seoid nó dhó don éisteoir eachtrúil anseo, ach ní dhéanfadh sé aon díobháil dá mbeadh níos mó ná ocht rian le clos ar an gcéad eagrán eile de Jura Soundsystem Presents.

SCÉALTA EILE